Skip to main content
Normal View

Oifig an Choimisinéara Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 April 2012

Thursday, 26 April 2012

Questions (117)

Éamon Ó Cuív

Question:

117 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Coimirce Sóisialaí cén fáth nár ghlac sí le moltaí an Choimisinéara Teanga maidir le marcanna breise don Ghaeilge i gcomórtais d’ardú céime sa Roinn Coimirce Sóisialaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21037/12]

View answer

Written answers

Oibríonn mo Roinn an scéim de réir na dtreoirlínte reatha arna gcinneadh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Athrú bunúsach ar oibriú na scéime a bheadh i moladh an Choimisinéara Teanga dá dtagraíonn an Teachta, agus dá bhrí sin tá na moltaí curtha ar aghaidh ag mo Roinn chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dá mbreithniú.

Top
Share