I dtús báire, ní miste dom a chur i gcuimhne don Teachta gur oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga agus, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, go bhfuil an Coimisinéir Teanga neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas. An méid sin ráite, tuigim go bhfuil 3 thuarascáil den chinéal ata luaite ag an Teachta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais go dáta ag an gCoimisinéir Teanga. Baineann na tuarascálacha sin leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá na sonraí maidir leis na tuarascálacha ata i gceist ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie. Faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, níl aon ról reachtúil agamsa, mar Aire, maidir le tuarascálacha den chineál seo.