Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 May 2012

Thursday, 3 May 2012

Questions (189)

Éamon Ó Cuív

Question:

192 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn a dhéanfar i 2012 le pleanáil an mhéadaithe agus oibreacha eile in Inis Oírr agus an bhfuil sé i gceist tosú ar an tógáil ar an gcéibh an bhliain seo chugainn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22431/12]

View answer

Written answers

Tuigtear do mo Roinn go bhfuil cead pleanála agus ceadúnas forchladaigh faighte ag Comhairle Contae na Gaillimhe don fhorbairt atá i gceist. Tuigtear do mo Roinn fosta nach bhfuil sé beartaithe dul chun tairisceana sa ghearrthéarma toisc nach bhfuil na hacmhainní ar fáil chun dul i mbun na bhforbartha faoi láthair ar Ché Inis Oírr.

Top
Share