Skip to main content
Normal View

Bord Iascaigh Mhara

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 May 2012

Thursday, 17 May 2012

Questions (147)

Éamon Ó Cuív

Question:

149 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé mhéid airgid a chaithfidh Bord Iascaigh Mhara i mbliana ar fhorbairt agus pleanáil don fheirm éisc i gCuan na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24607/12]

View answer

Written answers

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é BIM agus dá bhrí sin baineann gach ceist oibriúcháin leis an ngníomhaireacht. Tá an t-iarratas curtha ar aghaidh ag an Roinn chuig an BIM le breithniú a dhéanamh air agus le freagra díreach a chur chuig an Ionadaí.

Top
Share