Skip to main content
Normal View

Soláthar Pinsean.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Questions (26)

Martin Ferris

Question:

20 D’fhiafraigh Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén sciar de bhuiséad Údarás na Gaeltachta a chaitear ar phinsin daoine atá fós fostaithe, agus ar phinsin daoine atá tar éis éirí as an Údarás. [27097/12]

View answer

Written answers

Caitheann Údarás na Gaeltachta thart ar €4.4 mhilliún sa bhliain ar phinsin 135 duine atá ag fáil pinsean faoi Scéim Aoisliúntas an Údaráis.

I láthair na huaire, tá duine amháin athfhostaithe ag an Údaras ar chonradh sé mhí go 31 Lúnasa 2012 ar chostas breise de €23,663 anuas ar an €28,017 a bheadh iníoctha leis an duine mar phinsean.

Top
Share