Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Questions (477)

Peadar Tóibín

Question:

472 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil na maoir atá freagrach as scéimeanna Fás atá á reáchtáil faoi choimirce Údarás na Gaeltachta i dteideal pinsin a fháil ón Údarás. [27132/12]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil fostaíocht na maor atá luaite ag an Teachta ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí do na scéimeanna ar a bhfuil siad ag obair. Cé nach bhfuil na maoir páirteach i scéim pinsean an Údaráis, comhairlítear dom go bhfuil sé curtha in iúl ag an Údarás dóibh mar rogha chaighdéanach go bhfuil an deis acu páirt a ghlacadh i scéim pinsean príobháideach.

Question No. 473 answered with Question No. 14.
Top
Share