Skip to main content
Normal View

An Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 June 2012

Tuesday, 12 June 2012

Questions (232)

Peadar Tóibín

Question:

324 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Coimirce Sóisialaí cad iad na bearta a rinneadh maidir leis an sárú atá déanta ar scéim teanga na Roinne; agus cad atá i gceist aici a dhéanamh ina leith. [27967/12]

View answer

Written answers

Oibríonn mo Roinn an scéim de réir na dtreoirlínte reatha arna gcinneadh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Athrú bunúsach ar oibriú na scéime a bheadh i moladh an Choimisinéara Teanga dá dtagraíonn an Teachta, agus dá bhrí sin tá na moltaí curtha ar aghaidh ag mo Roinn chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dá mbreithniú.

Top
Share