Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 June 2012

Tuesday, 19 June 2012

Questions (159)

Maureen O'Sullivan

Question:

239 D’fhiafraigh Maureen O’Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige agus ag a Roinn plean struchtúrach a chur i bhfeidhm maidir le todhchaí scoileanna na Gaeltachta mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010- 2030 agus aird á tabhairt ar Airteagail 8 agus 42 de Bhunreacht na hÉireann, mar aon le hailt 6, 9 agus 31 den Acht Oideachais, 1998; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29384/12]

View answer

Written answers

Tá oifigigh as mo Roinnse ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh as an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá líon áirithe beart sa Straitéis, a bhaineann leis an oideachas, agus a thabharfaidh tacaíocht do scoileanna i gceantair Ghaeltachta, faoi shiúl cheana féin.

Top
Share