Tá trí scéim teanga daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 107 scéim teanga san iomlán, a chlúdaíonn 192 comhlacht poiblí, daingnithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm. De réir fhorálacha an Achta, tá feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í nó go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is déanaí. Dá bhrí sin, tá feidhm i gcónaí le gach scéim teanga atá daingnithe go dtí seo ag mo Roinnse. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atáá n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.
Tá plé leanúnach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí poiblí maidir le scéimeanna teanga a ullmhú agus a aontú. Sa chomhthéacs sin, tá suas le 20 dréachtscéim á bplé go gníomhach ag mo Roinnse faoi láthair agus tá mé dóchasach go ndéanfar dul chun cinn sásúil chun tuilleadh scéimeanna a aontú faoi dheireadh na bliana seo.