Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 September 2012

Tuesday, 18 September 2012

Questions (898)

Éamon Ó Cuív

Question:

898. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le huasghrádú agus forbairt a dhéanamh ar Ché Inis Oírr, cén uair a bhfuil súil aige go dtosóidh an obair ar an gcé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39048/12]

View answer

Written answers

Tuigtear do mo Roinn go bhfuil cead pleanála agus ceadúnas forchladaigh faighte ag Comhairle Contae na Gaillimhe d’fhorbairt na cé atá luaite ag an Teachta. Tuigtear do mo Roinn fosta nach bhfuil sé beartaithe dul chun tairisceana sa ghearrthéarma toisc nach bhfuil na hacmhainní ar fáil faoi láthair chun dul i mbun na forbartha.

Top
Share