Is é an sprioc fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta ná 400 post a chruthú in 2012. Tuigtear ón Údarás go bhfuiltear dóchasach go mbainfear an sprioc sin amach. Is ar bhonn suirbhé bliantúil a dhéanann Údarás na Gaeltachta tuairisciú ar phoist a chruthaítear agus a chailltear. Foilseofar na figiúirí do 2012 ag tús 2013 nuair a bheidh an suirbhé bliantúil curtha i gcrích. Tá eolas maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht le fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta ag www.udaras.ie agus i dtuarascálacha bliantúla agus cuntais bhliantúla an Údaráis a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais go bliantúil.