Skip to main content
Normal View

Official Engagements

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 October 2012

Wednesday, 3 October 2012

Questions (26)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

26. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid cruinnithe a bhí ag an bhFochoiste Rialtais agus ag na Coistí Idir-Rannacha ó thús na bliana. [41973/12]

View answer

Written answers

Eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir ar leith atá bunaithe chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a sheachadadh:

- Tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an Straitéis;

- Tá Grúpa Oifigeach Sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí, ag tacú leis an gCoiste Rialtais; agus

- Tá Grúpa Idir-Rannach, a bhfuil mise, mar Aire Stáit, mar chathaoirleach air, ag déanamh comhordaithe ar chur i bhfeidhm na Straitéise.

Bhí dhá chruinniú ag an gCoiste Rialtais ó thús na bliana agus tá i gceist go mbeidh an chéad chruinniú eile ann ar 5 Samhain.

Bhí dhá chruinniú freisin ag an nGrúpa Idir-Rannach agus cruinniú amháin den Ghrúpa Oifigeach Sinsearach ó thús na bliana.

Chomh maith leis na grúpaí atá luaite agam, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis:

- Tá grúpa oibre idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna atá ag plé le réimse gnímh an oideachais faoin Straitéis;

- Tá grúpa oibre idir mo Roinnse, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge atá ag plé le cur i bhfeidhm na Straitéise ag na comhlachtaí seo; agus

- Tá grúpa oibre idir mo Roinnse, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá ag plé le gnóthaí fiontraíochta sa Ghaeltacht.

Tionóladh ceithre chruinniú san iomlán de na grúpaí seo ó thús na bliana.

Top
Share