Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 October 2012

Wednesday, 3 October 2012

Questions (23, 40)

Dessie Ellis

Question:

23. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé tuairisc ar chaiteachas a Roinne go dáta agus é a chur i gcomparáid leis an mbuiséad a leagadh amach don bhliain. [41977/12]

View answer

Jonathan O'Brien

Question:

40. D'fhiafraigh Deputy Jonathan O'Brien den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta na ciorruithe atá déanta ag a Roinn ó thús na bliana. [41979/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 23 agus 40 le chéile.

Is é €268.451 milliún oll-leithdháileadh mo Roinne chun a réimse leathan clár agus beart a chur i gcrích in 2012. Is laghdú 9% é sin i gcomparáid leis an táirgeacht shealadach do 2011. Mar eolas do na Teachtaí, ar an 30 Meán Fómhair 2012, ba é €186 milliún ollchaiteachas iomlán mo Roinne. Ba ionann sin agus isteach agus amach le 96% den phróifíl foilsithe agus 69% den leithdháileadh sna Meastacháin Athbhreithnithe. Tá mé ag súil go bhfanfaidh caiteachas de réir phróifíle agus go dtarraingeofar anuas mo leithdháileadh ina iomláine. Leanfaidh mé orm ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar threochtaí caiteachais ar fud fho-mhírchinn uile mo Roinne agus muid ag déanamh ar dheireadh bliana.

Top
Share