Skip to main content
Normal View

Wednesday, 3 Oct 2012

Written Answers Nos. 31-37

Oifig an Choimisinéara Teanga

Questions (32)

Brian Stanley

Question:

32. D'fhiafraigh Deputy Brian Stanley den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir lena mianta ó thaobh thodhchaí Oifig an Choimisinéara Teanga. [41978/12]

View answer

Written answers

Tógadh cinneadh mar chuid de Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí go ndéanfaí feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfí an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinnse. Faoin bPlean Athchóirithe sin, tá sé beartaithe ag an Rialtas go ndéanfar cuíchóiriú ar 48 comhlacht poiblí agus go ndéanfar athbhreithniú criticiúil ar 46 comhlacht poiblí eile.

Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá á lorg sna cúrsaí seo. Mar atá ráite sa Phlean Athchóirithe, tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire don saoránach.

Tá tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm cinntí an Rialtais i gcás na n-áisíneachtaí a thagann faoi scáth mo Roinne-se, agus a bhfuil comhtháthú le déanamh orthu, curtha faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag mo Roinnse. Bheinn ag súil go rachfar faoi bhráid an Rialtais arís i dtráth cuí chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na gcinntí i gcás na n-áisíneachtaí seo, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga.

Question No. 33 answered with Question No. 12.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Questions (34)

Sandra McLellan

Question:

34. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an sprioc a luadh sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil roimh 2020, cén líon daoine atá ag labhairt Gaeilge go laethúil anois agus conas a bhainfidh an Rialtas an sprioc sin amach. [41971/12]

View answer

Written answers

Tá sé mar mhórsprioc sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil a mhéadú go 250,000 duine faoi 2030.

Léiríonn Daonáireamh 2011 go bhfuil 519,181 duine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil laistigh den chóras oideachais agus go bhfuil 77,185 duine a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Tháinig méadú ar an bhfigiúr seo ón 72,148 duine a dúirt i nDaonáireamh 2006 gur labhair siad Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Is forbairt dhearfach í an méadú seo maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna atá sonraithe sa Straitéis.

Tá bearta éagsúla á dtógáil faoin Straitéis chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú thar shaolré na Straitéise. Ar ndóigh, tá sé seo ag teacht leis an gClár Rialtais agus an gealltanas a tugadh ann maidir le spriocanna indéanta na Straitéise a sheachadadh. Sa chomhthéacs seo, tá ceann de na gníomhaíochtaí is suntasaí faoin Straitéis á chur i bhfeidhm agus bunús reachtúil tugtha do shainmhíniú úr ar an nGaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den Straitéis le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Táthar ag cur tús le feidhmiú an phróisis sin i gcomhréir leis an Acht sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh an Ghaeltacht teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Dá bhrí sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Acht do Líonraí Gaeilge atá lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta thraidisiúnta. Is ceantair iad seo a bhfuil a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a bhfuil toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge. Ina theannta sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Acht do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. Is tríd an bpróiseas pleanála teanga go príomha, agus le hionchur ón bpobal agus ón Stát araon, a bhfuil i gceist tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge le linn na tréimhse idir seo agus 2030.

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Questions (35)

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

35. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis a dheimhniú go dtabharfar an maoiniú céanna d’Fhoras na Gaeilge in 2013 agus a tugadh dó in 2012. [41974/12]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is gníomhaireacht é Foras na Gaeilge den chomhlacht forfheidhmithe thuaidh theas, An Foras Teanga. Dá réir sin, is tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a shocraítear na buiséid bhliantúla don Fhoras Teanga.

Mar a dhéantar gach bliain, tuigtear dom go n-eiseoidh na Ranna Airgeadas treoir airgeadais comhaontaithe gan mhoill do na comhlachtaí forfheidhmithe thuaidh theas maidir le pleananna gnó agus buiséid 2013. Sa chomhthéacs sin, ní foláir dom a lua go bhfuil laghdú bliantúil 3% ar a laghad curtha san áireamh ag na Ranna Airgeadais mar chuid den treoir airgeadais comhaontaithe maidir le pleananna corparáideacha 2011-13 do na comhlachtaí forfheidhmithe thuaidh theas. Ar ndóigh, braithfidh na buiséid sonracha a aontófar i ndeireadh báire don bhliain 2013 ar an bpróiseas comh-chomhairliúcháin tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, i gcomhthéacs na gcistí airgeadais a bheidh ar fáil sa dá dhlínse.

ICCROM Membership

Questions (36)

Mick Wallace

Question:

36. Deputy Mick Wallace asked the Minister for Arts; Heritage and the Gaeltacht the reasons Ireland's membership to the International Centre for the Study of the Preservation and Restoration of Cultural Property has lapsed in the past two years; if a cost-benefit analysis was carried out to justify this decision not to pay the €16,300 annual contribution; if he will publish this analysis; and if he will make a statement on the matter. [42036/12]

View answer

Written answers

ICCROM, the International Centre for the Study of Preservation and Restoration of Cultural Property was created by UNESCO (United Nations Educational, Scientific and Cultural Organisation) to promote conservation of monuments and sites of historical, artistic and archaeological interest. The benefits of ICCROM membership extend well beyond my Department, with staff of the Office of Public Works and many regional and local authorities availing of the resources on offer.

Discussions are ongoing regarding the continuation of Ireland's membership of ICCROM and any decision in this regard will have to take account of the reduced availability of resources in the current economic climate and the many competing demands for these resources.

Scéimeanna Teanga

Questions (37)

Martin Ferris

Question:

37. D'fhiafraigh Deputy Martin Ferris den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid scéimeanna teanga atá fós le daingniú aige; cé mhéid scéimeanna atá imithe in éag; agus cé chomh fada a bhfuil siad imithe in éag. [41968/12]

View answer

Written answers

Tá 108 céad scéim teanga san iomlán aontaithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm agus tá 97 de na scéimeanna sin i bhfeidhm le níos mó ná trí bliana. Anuas air sin, tá 23 dara scéim teanga aontaithe agus tá 5 cinn dóibhsean i bhfeidhm le níos mó ná trí bliana. Ní miste a nótáil go bhfanann forálacha gach scéim teanga i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua.

Maidir le scéimeanna atá le daingniú, tá 39 céad scéim, 77 dara scéim agus 7 tríú scéim teanga á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí faoi láthair. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 123 dréachtscéim san iomlán le daingniú faoi láthair.

Top
Share