Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 October 2012

Tuesday, 23 October 2012

Questions (556)

Éamon Ó Cuív

Question:

556. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoin scéim um limistéir faoi mhíbhuntáiste déanta le feirmeoir (sonraí leis seo) ó tharla go bhfuil os cionn cúig aonad beostoic aige, 33 chaora agus chapall, agus nach bhfuil aige ach thart faoi 12 heicteár; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46086/12]

View answer

Written answers

Cé go ndearna an duine atá ainmnithe iarratas ar mhaolú faoi scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, níor éirigh leis an iarratas bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Cuireadh an cinneadh sin in iúl don iarratasóir i bhfoirm scríbhinn an 9 Deireadh Fómhair agus cuireadh in iúl dó go bhfuil sé de cheart aige achomharc a dhéanamh chuig Coiste Achomhairc neamhspleách DAS a bunaíodh le déanaí.

Top
Share