Skip to main content
Normal View

Áisíneachtaí Tras-Teorann

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 November 2012

Tuesday, 6 November 2012

Questions (178)

Dessie Ellis

Question:

178. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cén maoiniú atá curtha ar fáil do na háisíneachtaí trasteorann don bhliain 2012; cén céatadán den mhaoiniú a caitheadh ar thuarastail gach bliain ó 2008; an bhfuil fostaithe na n-áisíneachtaí atá lonnaithe ó dheas ag feidhmiú faoi ráta tuarastail atá bunaithe ar an gciorclán is déanaí de chuid na Státseirbhíse, Ciorclán 28/2009; ar íocadh incrimintí le foireann na n-áisíneachtaí sin ó 2008; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48605/12]

View answer

Written answers

Nil aon fhreagracht dhíreach ar mo Roinnse maidir leis na Forais Fhorfheidhmithe Thuaidh-Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann. San dlínse seo tá an fhreagracht sin ar chúig Roinn Stáit: Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Uiscebhealaí Éireannn, an Foras Teanga Thuaidh/Theas a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Bord na hUltaise), an Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta (IdirThrádáil Éireann), an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse Éireann-Gníomhaireacht na Loch); Roinn Caitheachais Poiblí agus Athchóirithe (Clár Speisialta AE); an Roinn Sláinte (An Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia). De bhreis air seo, tá freagracht maidir le Turasóireacht Éireann ar an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Top
Share