Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 November 2012

Tuesday, 6 November 2012

Questions (611)

Éamon Ó Cuív

Question:

611. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon athruithe a dhéanamh ar théarmaí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don bhliain 2013, téarmaí airgid san áireamh agus má tá, cén uair a fhógróidh sé aon athruithe atá i gceist aige a dhéanamh, ó tharla go bhfuil an cheist seo práinneach anois mar go bhfuil cinntí déanta nó á ndéanamh ag na Coláistí don bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48195/12]

View answer

Written answers

Tá an cheist maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse in 2013 á phlé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair mar chuid den ghnáth-phróiseas meastacháin. Is i gcomhthéacs an phróisis sin a dhéanfar cinntí sonracha maidir le téarmaí airgid Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2013.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte, ar ndóigh, go dtuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an scéim áirithe seo don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus go gcuirfear an méid sin san áireamh mar chuid den phróiseas seo.

Mar is eol don Teachta, is scátheagraíocht é CONCOS do na coláistí Gaeilge agus bíonn comhoibriú luachmhar idir mo Roinnse agus CONCOS a chuireann go mór le feidhmiú agus le forbairt na gcoláistí Gaeilge. Cuirfear pé moltaí a thagann ó CONCOS maidir le forbairt na gcoláistí Gaeilge san áireamh go cuí freisin.

Top
Share