Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 November 2012

Tuesday, 20 November 2012

Questions (495)

Éamon Ó Cuív

Question:

495. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth a ndúradh le feilmeoir (sonraí tugtha) nach n-íocfaí é go dtí an bhliain seo chugainn faoin scéim disadvantage area agus single farm payment; cén fáth nach ndearnadh cigireacht ar a fheilm níos túisce i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50858/12]

View answer

Written answers

Is iarratasóir é an duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste. Bhí an t-iarratas lena mbaineann ar cheann de roinnt iarratas a roghnaíodh lena iniúchadh chun ceanglais AE a chomhlíonadh. A luaithe is a bheidh an t-iniúchadh agus na próisis lena mbaineann tugtha chun críche, déanfar an t-iarratas a chríochnú.

Top
Share