Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 18 agus 140 a thógáil le chéile.
Beidh an conradh reatha ceithre bliana chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ag teacht chun deiridh ar 31 Lúnasa 2013. Ina theannta sin, tá conradh eile ag mo Roinn chun bainistiú a dhéanamh ar na haeradróim ar na hoileáin agus tiocfaidh deireadh leis an gconradh sin ar an dáta céanna. Cosnaíonn na seirbhísí sin beagnach €2m ar mo Roinn in aghaidh na bliana. Is ionann é sin agus timpeall an tríú cuid de bhuiséad reatha mo Roinne do na hoileáin.
Ní miste dom a lua gur thug mé cuairt ar Inis Mór le déanaí agus gur chas mé fosta le toscaireacht ó mhuintir Árann in éineacht lena gcuid ionadaithe poiblí. Is deimhin liom, mar sin, go dtuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí aeir do phobal Árann.
Mar is eol don Teachta, áfach, tá ciorruithe á ndéanamh ar chaiteachas trasna na seirbhíse poiblí agus ní haon eisceacht é an caiteachas ar na hoileáin. Tá mo Roinn ag breathnú ar chostas na seirbhíse aeir i gcomhthéacs an phróisis meastachán agus i gcomhthéacs na gconarthaí eile a bhaineann le seirbhísí iompair do na hoileáin. Déanfar cinneadh i dtráth cuí i gcomhthéacs an tsoláthair a bheidh ar fáil do mo Roinn le fóirdheontais a thabhairt do sheirbhísí den chineál seo.