Skip to main content
Normal View

Cíosanna Uas-Athbhreithnithe Amháin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2012

Wednesday, 28 November 2012

Questions (36)

Peadar Tóibín

Question:

36. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad tionónta de chuid Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht atá faoi réir forálacha cíosa uas-athbhreithnithe amháin, agus cé na bearta atá tógtha aige chun deireadh a chur le feidhmiú forálacha cíosa uas-athbhreithnithe amháin. [52970/12]

View answer

Written answers

Tá sé curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil suas le 600 aonad inligthe ag an eagraíocht sa Ghaeltacht i bpunann maoine substaintiúil atá os cionn 250,000 méadar cearnach. Tá na haonaid seo lonnaithe ar fud na Gaeltachta i seacht gcontae éagsúla. Mar a dúradh i dtuarascáil bhliantúil agus cuntais Údarás na Gaeltachta don bhliain 2011, tá tuairim is 60% dá mhaoin faoi thionóntachtaí gnó agus tionscail. Ós rud é go dtagann deireadh le léasanna ó am go chéile, ní bheadh sé praiticiúil a rá go baileach ag aon am ar leith cén líon léasanna atá faoi réir forálacha cíosa uas-athbhreithnithe amháin.

Tuigtear dom go raibh nós caighdeánach ag Údarás na Gaeltachta go dtí an bhliain 2010 forálacha cíosa uas-athbhreithnithe amháin a chur i léasanna. Tuigtear ón Údarás go bhfuil cúpla céad léas atá ann fós ón am sin le forálacha cíosa uas-athbhreithnithe amháin. Tá na léasanna sin i bhfeidhm ó thréimhse roimh 28 Feabhra 2010, nuair a tugadh isteach an cosc ar fhorálacha cíosa uas-athbhreithnithe amháin faoi alt 132 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009.

Cé go bhfuil na léasanna seo fós ann, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil ról gníomhach forbartha fiontraíochta ag an Údarás agus go mbíonn sé ar a dhícheall ag iarraidh a chliantchomhlachtaí a chothabháil agus a fhorbairt. Clúdaíonn sé seo ceadú fóirdheontais cíosa i gcásanna áirithe, chomh maith le rátaí éagsúla cíosa le haghaidh limistéar éagsúil a thógann san áireamh cíosanna an mhargaidh i gceantair iargúlta. Dá bhrí sin, tuigtear dom go bhfuil cur chuige báúil ag an Údarás i leith a chuid chliantchomhlachtaí laistigh de rialacha an Aontais Eorpaigh agus a scéimeanna féin maidir le cúnamh Stáit.

Tuigtear dom fosta gur cleachtas caighdeánach san Údarás é le roinnt blianta anuas nach gcuirtear aon mhéaduithe cíosa i bhfeidhm nuair a thagann léasanna den chineál sin aníos le hathbhreithniú a dhéanamh orthu.

Top
Share