Caoimhghín Ó Caoláin
Question:39. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé tar éis iarraidh ar aon bhall foirne ina Roinn, nó atá i gcomhlacht faoi scáth a Roinne, atá ag saothrú níos mó ná €200,000 sa bhliain mar thuarastal, 15% dá dtuarastal, nó an méid dá dtuarastal bliantúil atá os cionn €200,000, cibé acu is lú, a tharscaoileadh; agus má tá sin déanta aige, cén dáta ar a ndearna sé an teagmháil sin den chéad uair; cén líon de bhaill foirne a bhí ag saothrú tuarastail os cionn €200,000 ar an dáta sin; cén líon de bhaill foirne a thoiligh don iarratas sin; cén líon a dhiúltaigh don iarratas agus cén líon nár thug freagra ar an iarratas. [52976/12]
View answer