Skip to main content
Normal View

Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2012

Wednesday, 28 November 2012

Questions (28, 53, 143)

Martin Ferris

Question:

28. D'fhiafraigh Deputy Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na himpleachtaí a mheasann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh mar thoradh ar an tsamhail nua maoinithe atá curtha os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas do líon agus do chaighdeán na seirbhísí do phobal na Gaeilge agus do chúrsaí fostaíochta na n-eagras bunmhaoinithe reatha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52982/12]

View answer

Jonathan O'Brien

Question:

53. D'fhiafraigh Deputy Jonathan O'Brien den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil anailís costas/tairbhe déanta ar an tsamhail nua maoinithe atá á moladh ag Foras na Gaeilge d’earnáil dheonach na Gaeilge agus, má tá, cén toradh agus céard iad na moltaí a d’eascair as an anailís sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52983/12]

View answer

Catherine Murphy

Question:

143. D'fhiafraigh Deputy Catherine Murphy den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an míneoidh sé an múnla nua maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge d’earnáil dheonach na Gaeilge, agus an gcuirfidh sé eolas ar fáil faoin taighde atá taobh thiar de, agus cén t-amscála a bhainfeadh lena chur i bhfeidhm [53185/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 28, 53 agus 143 le chéile.

Is é an staid reatha ar athbhreithniú Fhoras na Gaeilge ar a gcuid eagraíochtaí bunmhaoinithe ná gur chuir Foras na Gaeilge cás gnó lena moltaí críochnúla, atá aontaithe ag an mbord, chuig na Ranna urraíochta i mí Dheireadh Fómhair 2012. Tá na moltaí sin á mbreithniú ag mo Roinn agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh faoi láthair. Táthar ag súil go gcuirfear páipéar fúthu os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ag an gcéad chruinniú eile ar an 12 Nollaig 2012.

Mar ghníomhaireacht den chomhlacht forfheidhmithe thuaidh theas, An Foras Teanga, tá Foras na Gaeilge freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus urraithe ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh.

Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2008 chun an luach is fearr ar airgead a fháil ó na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Sa bhliain sin, is amhlaidh go raibh Foras na Gaeilge ag cur 40% dá bhuiséad, is é sin €8m, ar fáil do 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe. Bhí os cionn 50% den bhunmhaoiniú sin á chaitheamh ag na heagraíochtaí ar thuarastail amháin.

Sa chomhthéacs sin, rinne bord Fhoras na Gaeilge cinneadh athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar an mbunmhaoiniú agus thacaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas leis an gcinneadh sin. Cuireadh an t-athbhreithniú seachtrach i gcrích le linn 2009 agus léirigh na torthaí an mhí-éifeacht a bhaineann le seirbhísí a sheachadadh trí 19 eagraíocht do phobal na Gaeilge.

Ó shin i leith, tá mionscagadh agus plé cuimsitheach déanta ar mhúnlaí eile a d'fhéadfaí a chur ar bun in ionad an chórais bhunmhaoinithe. Rinneadh é sin i gcomhairle leis an earnáil bhunmhaoinithe agus le páirtithe leasmhara eile. Bhí próiseas comhairliúcháin poiblí i gceist fosta, ó thuaidh agus ó dheas, agus pléadh an dul chun cinn ag cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. San idirlinn, leanadh le bunmhaoiniú eatramhach a chur ar fáil don 19 eagraíocht - socrú atá le bheith i bhfeidhm go dtí 30 Meitheamh 2013.

Tuigfidh na Teachtaí go bhfuil tuilleadh brú tagtha ar an Státchiste idir an dá linn. Sa chomhthéacs sin, tuigtear dom go mbeidh Foras na Gaeilge ag cur beagnach 37%, is é sin €6.5m, ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe i mbliana. As an mbuiséad sin, tuigtear dom go mbeidh 77% á chaitheamh ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe ar chostais riaracháin, rud a fhágann nach mbeidh ach 23% den bhuiséad á chaitheamh ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge.

Maidir leis na nithe sonracha atá ardaithe sna ceisteanna, tuigfidh na Teachtaí nach mbeadh sé cuí domsa aon eolas breise a thabhairt sa chás seo go dtí go mbeidh plé déanta ar mholtaí críochnúla Fhoras na Gaeilge agus cinneadh tógtha ina leith ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Top
Share