Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2012

Wednesday, 28 November 2012

Questions (7)

Dara Calleary

Question:

7. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an méid atá bainte amach sna réimsí difriúla go dtí seo mar gheall ar an Straitéis Fiche Bliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52999/12]

View answer

Oral answers (8 contributions)

Tá sé ráite faoi Chlár an Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Tá an dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na Straitéise le feiceáil ó na gníomhartha éagsúla atá idir lámha ag mo Roinnse ar bhonn reachtaíochta, ar bhonn praiticiúil agus ar bhonn eagraíochtúil.

Is céim shuntasach ó thaobh cur i bhfeidhm na Straitéise í Acht na Gaeltachta 2012. Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht, is iad sin, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Mar atá sonraithe faoin Acht, tá an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge araon maidir le cúnamh a thabhairt do phobail éagsúla i ndáil le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sna ceantair éagsúla atá faoina gcúram. Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás agus an Foras ag plé le heagraíochtaí éagsúla ar an talamh chun dlús a chur leis an phróiseas pleanála teanga, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ar ndóigh, beidh orduithe le déanamh chun feidhm reachtúil a thabhairt do chuid 2 den Acht a bhaineann leis an phróiseas pleanála teanga. Tá na céimeanna cuí maidir leis na horduithe seo idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair.

Ar ndóigh, tá struchtúir ar leith bunaithe chun an Straitéis a sheachadadh - an Coiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht, atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh; an Grúpa Idir-Rannach, atá faoi mo chathaoirleacht féin; agus grúpaí oibre ardleibhéil atá bunaithe leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis.

Chomh maith leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag mo Roinnse ar chur i bhfeidhm na Straitéise, ní miste aird a tharraingt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil ról lárnach acu faoin Straitéis. Ina theannta sin, tá mo Roinnse ag plé le Ranna ábhartha eile ar bhonn déthaobhach chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh den Straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Beidh mé ag súil leis an bhfreagra go léir a léamh.

An cheist a bhí agam ná an méid atá bainte amach maidir leis an straitéis. Tá a fhios agam go bhfuil Acht na Gaeltachta curtha tríd an Oireachtas agus go bhfuil coistí curtha ar bun. Ach tá díomá ar a lán daoine nach bhfuil díospóireacht á dhéanamh leis na heagraíochtaí pobail agus ceapann a lán daoine go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag déanamh an chinnidh gan an díospóireacht sin a dhéanamh. An féidir leis an Aire Stáit freagra a thabhairt ar an gceist sin?

Maidir leis an nGaeltacht féin agus cur i bhfeidhm na straitéise, tá an fhreagracht ar Údarás na Gaeltachta. Tá áthas orm a rá, mar atá a fhios ag an Teachta, go bhfuil bord úr ag Údarás na Gaeltachta anois. Bhí an cathaoirleach os comhair an chomhchoiste inné agus beidh an chéad chruinniú ag an bhord an tseachtain seo chugainn. Ar ndóigh, beidh an bord ag leagan amach an polasaí maidir le cur i bhfeidhm na straitéise ó thaobh pleanáil teanga de agus ó thaobh fostaíochta agus mar sin de. Ní fhéadfainnse é a chur puinn níos fearr ná mar a chuir an cathaoirleach nua-tofa é inné.

Tá pleanálaithe teanga go leor ins an údarás a bhfuil cáilíochtaí acu agus beidh siad ag dul i dteagmháil agus i gcomhairle le 19 gceantar Gaeltachta ar fud na tíre. Beidh siad ag plé leis na pobail áitiúla, leis na comharchumainn, leis na coistí paróiste agus leis na heagraíochtaí deonacha ansin le pleananna teanga a dhéanamh amach do gach ceantar acu sin. Tá an obair ar siúl cheana féin. Tá tosú maith déanta agus beidh sé ag dul ar aghaidh níos gasta agus níos tapúla ins na seachtainí agus ins na míonna amach romhainn. Tá an obair sin ar siúl.

Maidir leis an chuid eile den tír, beidh freagracht ar Fhoras na Gaeilge ansin. Tig liom a rá go bhfuil 14 dhuine fostaithe ag Foras na Gaeilge ar fud na tíre ag tabhairt ceannródaíochta agus tosaíochta don straitéis ins na ceantair ina bhfuil siad lonnaithe.

Mar sin, tá dul chun cinn á dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil sé go léir le feiceáil ach tá an bhun obair agus an dúshraith á chur síos go daingean lá i ndiaidh lae ag na coistí seo. Tá gá leis na coistí. Tá an coiste Rialtais faoin Taoiseach, an coiste idir-ranna agus na coistí ard leibhéil idir oifigigh sinsearacha ann. Tá gá lena gcuid oibre siúd leis an dúshraith agus an bunsraith a chur síos sa dóigh gur féidir linn bogadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm na straitéise.

Chuir mé fáilte roimh an gcathaoirleach nua ag an gcomhchoiste inné.

Sea, bhí mé ag éisteacht leis an Teachta.

Phléigh muid forbairt eacnamaíochta agus forbairt pobail sa Ghaeltacht.

Tá sé an-tábhachtach níos mó poist a chur ar fáil sa Ghaeltacht, mar a bhfuil a fhios ag an Aire Stáit. Tá 7,000 post sa Ghaeltacht a cruthaíodh le tacaíocht an údaráis. Ach tá an buiséad caipitil dos na heagraíochtaí gearrtha siar go dtí €6 mhilliún. An mbeidh bealaí eile ann chun foinsí nua maoinithe a aimsiú?

Tá bealaí eile i gcónaí ag Údarás na Gaeltachta le foinsí úra maoiniú a fháil. Tá siad ag fáil cíosanna agus ag díol achmhainní agus mar sin. Bhí €6 mhilliún acu an bhliain reatha agus bhí €6 mhilliún acu anuraidh. Sa bhliain 2008 bhí €26 milliún acu, i 2009 bhí €16 milliún acu, i 2010 bhí €10 milliún acu. Fuair mise oidhreacht, legacy, nuair a tháinig mé isteach in oifig nach raibh acu ach €6 mhilliún. Sílim go ndearna mé gaisce iontach gur éirigh liom, in ainneoin na ndeachrachtaí eacnamaíochta atá againn, €6 mhilliún a fháil don bhliain reatha. Beidh mé ag déanamh gach dícheall, in ainneoin na ndeachrachtaí eacnamaíochta atá againn, oiread agus is féidir a fháil don bhliain seo chugainn mar tuigim chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh fostaíocht ins na Gaeltachtaí. Muna bhful fostaíocht níl daoine, muna bhfuil daoine níl teanga agus muna bhfuil teanga níl Gaeltacht. Tuigim an scéal go maith agus tá áthas orm go bhfuil tacaíocht an Teachta le fáil agam.

Sé mhilliún plus.

Top
Share