An straitéis 20 bliain don Teanga Ghaeilge 2010 go 2030, tá sé mar aidhm aice cur chuige iomlánaithe a fheidhmiú don Teanga Ghaeilge a bheadh comhsheasmhach leis an gcleachtadh idirnáisiúnta is fearr. Tá sé geallta ag an Rialtas tacaíocht a thabhairt don straitéis i gClár an Rialtais 2011 go 2016. Ina theannta sin, dreamanna poibli iad na Coistí Gairmoideachais a thiteann laistigh téarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sé i gceist go ndéanfaidh Bille na mBord Oideachais is Oiliúna 2012 an staid sin a chaomhnú agus go mbeadh sé de dhualgas ar a leithéid de Bhoird na riachtanais ábhartha den Teanga Ghaeilge a shásamh. Sna tosca, tá mé sásta go mbeidh na Boird Oideachais agus Oiliúna nua in ann a gcuid riachtanas a shásamh maidir leis an dTeanga Ghaeilge agus maidir leis an nGaeltacht gan soláthair ar leith a dhéanamh ar an mBille.