Skip to main content
Normal View

Feabhsú Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 December 2012

Thursday, 13 December 2012

Questions (28)

Timmy Dooley

Question:

28. D'fhiafraigh Deputy Timmy Dooley den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil le feabhas a chur ar na céanna Inis Oírr agus Oileán Chléire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55985/12]

View answer

Written answers

Is le mo Roinn an Cuan Thuaidh in Oileán Chléire agus tá sí freagrach dá réir sin as é a chothabháil agus a dheisiú. Tá monatóireacht á déanamh ag mo Roinn ar chúrsaí ag an gCuan Thuaidh le roinnt blianta anuas agus go háirithe ar mheath na coda sin den Chuan Thuaidh ar a dtugtar Srón an Tairbh. Tá an Roinn tar éis tús a chur le tionscadal anois chun struchtúr nua a chur in ionad struchtúr Shrón an Tairbh.

Tá an tionscadal ag Cléire ag dul ar aghaidh mar a beartaíodh. I mí Dheireadh Fómhair 2012 taisceadh iarratas pleanála ar oibreacha forbartha ag Cléire le Comhairle Contae Chorcaí agus cuireadh iarratas ar Cheadúnas Urthrá faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Táthar ag fanacht ar thoradh an dá phróiseas sin.

Tá dul chun cinn a dhéanamh maidir le forbairt Chléire faoi Chlár Forbartha Caipitil um Chuanta Iascaigh agus Bonneagar Cósta de chuid mo Roinne. Breithneofar leithdháileadh an mhaoinithe le haghaidh tionscadail caipitil faoi Chlár 2013, lena n-áirítear Cléire, ar bhonn an mhaoinithe Státchiste atá ar fáil agus na dtosaíochtaí eile atá san iomaíocht leo.

Is le Comhairle Contae na Gaillimhe an cuan ag Inis Oírr agus tá siadsan freagrach as é a dheisiú agus a chothabháil. Tá ról ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhforbairt bhonneagar na n-oileán amach ón gcósta freisin.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn, áfach, le blianta beaga anuas faoina Clár Forbarthaum Chuanta Iascaigh agus Bonneagar Cósta chun cuanta, céanna agus slipeanna atá faoi úinéireacht na nÚdarás Áitiúil a dheisiú agus a fhorbairt ar mhionscála, arís, faoi réir dóthain maoinithe a bheith ar fáil ón Státchiste.

Tá sé beartaithe agam iarratais a iarraidh, in ord tosaíochta, ó Údaráis Áitiúla ar an gcósta le haghaidh tionscadail cháilithe lena n-áireamh faoi Chlár na bliana 2013. Déanfar aon iarratas a chuirfidh Comhairle Contae na Gaillimhe isteach maidir le hInis Oírr ar mhaoiniú faoin gClár a mheasúnú bunaithe ar an maoiniú Státchiste atá ar fáil agus ar thosaíochtaí náisiúnta ar an iomlán.

Top
Share