Maureen O'Sullivan
Question:264. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth ar ghlac sé an cinneadh chun an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; an féidir leis a chur in iúl go cruinn cén coigilteas airgid a bheidh déanta de bharr an cinneadh sin a dhéanamh; an ndeachaigh sé i gcomhairle le bord COGG sular glacadh an cinneadh; an ndeachaigh sé i gcomhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mbíonn COGG ag freastal orthu lena dtuairim a lorg sula ndearnadh an cinneadh; an dóigh leis, ar bhreathnú siar, gurbh fhearr an cinneadh a fhreaschur. [56959/12]
View answer