John Browne
Question:40. D'fhiafraigh Deputy John Browne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain. [4458/13]
View answerDáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013
40. D'fhiafraigh Deputy John Browne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain. [4458/13]
View answer119. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé chomh minic atá an Fochoiste Idir-Rannach ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge tar éis teacht le chéile; cathain a bhí an cruinniú deireanach aige; cén dul chun cinn atá déanta aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4708/13]
View answerMolaim ceisteanna Uimh. 40 agus 119 a fhreagairt le chéile.
Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm. Déanann mo Roinn é seo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara éagsúla, ar a n-áirítear ach go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.
Ós rud é go bhfuil an lárfhreagracht ar mo Roinn don Straitéis, tugadh faoi chéim an bhunaithe den Straitéis a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin Straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hAcht na Gaeltachta a thugann bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a thugann ról lárnach sa phleanáil teanga d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge. Ní miste a nótáil go bhfuil sé beartaithe tuarascáil a fhoilsiú i mbliana maidir leis an dul chun cinn faoin Straitéis go dáta.
Ar ndóigh, eagraítear cruinnithe de réir mar is gá
- den Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh;
- den Ghrúpa Idir-Rannach, atá faoi mo chathaoirleacht féin; agus
- de na grúpaí oibre atá bunaithe leis na páirtithe leasmhara éagsúla chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh na Straitéise.
Ó thaobh an Ghrúpa Idir-Rannach de, tionóladh trí chruinniú den ghrúpa áirithe sin ar 8 Feabhra, 27 Meitheamh agus 13 Nollaig 2012.