Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Thursday - 31 January 2013

Thursday, 31 January 2013

Questions (183)

Éamon Ó Cuív

Question:

183. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin scéim um chosaint na timpeallachta Tuaithe do 2012 le duine (sonraí curtha ar fáil); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4959/13]

View answer

Written answers

Thosaigh an duine ainmnithe REPS 4 i mí Aibreáin 2008 agus fuair sé íocaíochtaí do na céad cheithre bliana dá chonradh. Is beart é REPS 4 faoin Scéim Forbartha Tuaithe 2007-13 agus tá sé faoi réir Rialacháin AE ina n-éilítear go ndéantar seiceálacha riaracháin ar gach iarratas a chomhlánú sular féidir aon íocaíochtaí a eisiúint. Tá an próiseas seo ag teacht chun críche i leith an duine ainmnithe agus tá súil agam go ndéanfar na híocaíochtaí a eisiúint go luath.

Top
Share