Skip to main content
Normal View

Pásanna Capall

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 February 2013

Tuesday, 26 February 2013

Questions (551)

Éamon Ó Cuív

Question:

551. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste do 2012 le duine (sonraí leis seo), os rud é gur chuir sé ar aghaidh 7 bpas capaill chuig an Roinn; cén uair a chuirfear na pasanna seo ar ais chuig an duine seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9580/13]

View answer

Written answers

Deimhníodh le gairid go sásaítear coinníollacha na Scéime maidir le híosleibhéal dlús stocála ar ghabháltas an té a ainmnítear, tar éis fianaise a bhí in easnamh maidir le heachaithe a fháil. Féadadh dá bharr sin an phróiseáil ar an iarratas a thabhairt chun críche agus tá íocaíocht le heisiúint go gairid leis an gcuntas bainc a ainmníodh.

Top
Share