Éamon Ó Cuív
Question:535. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé mhéad airgead atá caite go dtí seo ag Bord Iascaigh Mhara ar an togra feirmeoireachta éisc i gCuan na Gaillimhe; cé mhéad a chaithfear i mbliana ar an togra; cé mhéad atá caite go dtí seo chun eolas faoin togra a scaipeadh; cad iad na céimeanna atá tugtha ag Bord Iascaigh Mhara le cinntiú go bhfuil an t-eolas atá á scaipeadh acu neamhchlaonta agus cruinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12882/13]
View answer