Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (14)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

14. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, an mbeidh sé ag foilsiú na n-aighneachtaí a fuarthas i ndáil leis an Acht; cathain a bheidh sé ag foilsiú na n-aighneachtaí; agus an dtabharfaidh sé amscála maidir leis an athbhreithniú. [13094/13]

View answer

Written answers

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimhir 117 agus 118 ar 30 Eanáir 2013 ar an ábhar seo. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais a foilsíodh ar an 15 Eanáir, táthar ag súil bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht. Mar a thuigfidh an Teachta, braitheann an t-amscála ar go leor tosca, lena n-áirítear an plé cuí leis na páirtithe leasmhara éagsúla agus an sceideal reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.

Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair chun moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i dtaca le leasú an Achta. Mar atá curtha in iúl agam cheana, fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin bpróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha.

Top
Share