Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt d'Aonad Pleanála i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Aithnítear sa Straitéis go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. Dá bhrí sin, tá na struchtúir seo a leanas bunaithe chun cur chuige comhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil a chur chun cinn i dtaca le forfheidhmiú na Straitéise:
- Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, atá ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an Straitéis;
- Grúpa Oifigeach Sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó na Ranna ábhartha, atá ag tacú leis an gCoiste Rialtais;
- Grúpa Idir-Rannach, a bhfuil mise, mar Aire Stáit, mar chathaoirleach air, atá ag déanamh comhordaithe ar chur i bhfeidhm na Straitéise;
- Grúpaí oibre ardleibhéil, atá bunaithe le páirtithe leasmhara ar leith, chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis; agus
- Aonad Straitéise i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú.
Cé go bhfuil freagracht uileghabhálach ar mo Roinn féin don Straitéis, is i gcomhar le páirtithe leasmhara eile atáthar ag díriú ar an Straitéis a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá na príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear na Ranna Rialtais ábhartha, ag tabhairt faoi phleananna forfheidhmithe a ullmhú i ndáil leis na réimsí sonracha gnímh den Straitéis a bhaineann leo. Táthar ag súil go bhfoilseofar na pleananna forfheidhmithe sin i mbliana chomh maith le tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis go dáta. Is sa chomhthéacs sin a fhéachfar chuige go mbeidh an phleanáil chomhtháite chuí ar bun i rith an ama chomh fada is a bhaineann sé le cur i bhfeidhm na Straitéise.