Mar is eol don Teachta, is gá, chun críche alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012, na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht a fhógairt go poiblí. Tá an réamhullmhúchán ina leith sin á dhéanamh faoi láthair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
Tá ráite ag an Údarás nach foláir a bheith ag tabhairt tús áite don ghné teangeolaíoch sa dáileadh seo. Dá bhrí sin, beidh an dáileadh atá á mholadh bunaithe ar staid reatha na teanga agus ar shaineolas agus taithí feidhmeannaigh an Údaráis a bhíonn ag plé le pobal na Gaeltachta ar an talamh, tar éis dóibh a bheith i dteagmháil leis na pobail atá i gceist.
Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an Údarás chomh maith chun córas cuí a aimsiú faoina roghnófar eagraíochtaí a thabharfaidh faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an phobal sna Limistéir Pleanála Teanga. Ní miste a rá go dtabharfar deis do gach uile ceantar Gaeltachta a bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála teanga.
Maidir le hacmhainní airgid, tá allúntas reatha de €3.4m ag Údarás na Gaeltachta i mbliana atá le caitheamh ar ghníomhaíochtaí teanga sa Ghaeltacht agus ar an bpróiseas pleanála teanga ach go háirithe. Ina theannta sin, tá soláthar reatha agus caipitil gur fiú os cionn €8.2m san iomlán ag mo Roinn féin le caitheamh sa Ghaeltacht i mbliana. Tá an soláthar airgid sin á chaitheamh ar raon beartas agus scéimeanna atá dírithe ar an nGaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.
Ar ndóigh, is Straitéis 20 Bliain ata i gceist agus is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag glacadh go córasach leis na céimeanna cuí chun cur i bhfeidhm iomlán an Achta a chinntiú, lena n-áirítear gach gné a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus go leanfar ag féachaint chuige go bhfaightear an luach is fearr is féidir ar airgead don Státchiste.