Skip to main content
Normal View

Líomhaintí Drochúsáide

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 April 2013

Thursday, 25 April 2013

Questions (46)

Michael P. Kitt

Question:

46. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndearna sé aon fhiosrú faoi na líomhaintí in aghaidh duine (sonraí tugtha) agus faoin éifeacht atá ag an scéal sin ar na coláistí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19246/13]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé inniu ar Cheist Tosaíochta Uimh 2.

Maidir leis an éifeacht a bheidh ag an scéal seo ar thinreamh na gcúrsaí i mbliana, tá mo Roinn ag plé le hiarratais ar aitheantas do na cúrsaí óna Coláistí Gaeilge faoi láthair agus ní léir go bhfuil aon laghdú ar na hiarratais sin ó bhliain ar bith eile. Ar ndóigh, ní bheidh figiúirí ar fáil ar an líon foghlaimeoirí a fhreastalóidh go dtí níos déanaí sa bhliain ach beidh mo Roinnse ar fáil le cuidiú leis na Coláistí nó le CONCOS ar aon bhealach gur féidir.

Top
Share