Skip to main content
Normal View

Irish Language

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 April 2013

Thursday, 25 April 2013

Questions (9)

Mary Lou McDonald

Question:

9. Deputy Mary Lou McDonald asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht if he will provide an update as to the progress that has been made in relation to the commitment in the 20 year strategy to provide a new definition for the Gaeltacht based on linguistic criteria. [19283/13]

View answer

Oral answers (13 contributions)

As the question was tabled in English, I will abide by the tradition of the House and reply in English if that is acceptable.

Is botún é, i ndáiríre. Ba cheart go mbeadh an cheist i nGaeilge. Níl a fhios agam cén fáth a bhfuil sí i mBéarla.

Cibé is mian leis an Teachta. Tá an freagra anseo i mBéarla. B'fhéidir gur féidir linn na supplementaries a thógáil i nGaeilge.

Tá cur chuige dátheangach ag an Aire Stáit.

With the recent enactment of the Gaeltacht Act 2012, the Gaeltacht is being given a new definition based on language criteria as opposed to geographical areas, as has been the case. Draft orders and regulations associated with the language planning criteria prescribed in section 12 of the Act have been prepared and circulated to the relevant Departments, in accordance with the legal requirement to do so, with a view to completing this process by June 2013. The Act also gives a statutory basis to the language planning process in the Gaeltacht, under which language plans will be prepared at community level for specific language planning areas. This approach puts the communities at the heart of the language planning process since it gives them the opportunity to take ownership of their own plan in their own community.

Caithfidh mé a rá ar dtús gur fear deas é an tAire Stáit ar leibhéal pearsanta. Ceapaim go bhfuil fadhb ollmhór ann ar leibhéal na Roinne, áfach. Ní cheapaim go bhfuil smacht iontach ag an Aire Stáit ar an Roinn. B'fhéidir go bhfuil sé faoi smacht na Roinne. Is dóigh liom go bhfuil an Roinn ag tiomáint an rud seo. Tá an-eolas ag an Aire Stáit mar fhear Gaeltachta. Tá an-chuid taithí aige i dtaobh dul chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá a fhios aige go bhfuil sé uafásach práinneach tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, do na bailte Gaeltachta agus do na limistéir pleanála teanga. Bhrúigh sé Bille na Gaeltachta 2012 tríd an Oireachtas an bhliain seo caite in ainneoin na míshástachta i measc gluaiseacht na Gaeilge. Bhí gach páirtí ar an taobh seo in aghaidh na reachtaíochta sin. Beagnach bliain níos déanaí, tá ionstraim reachtúla fós le síniú ag an Aire Stáit. Tá sé dochreidte. Cén fáth nach bhfuil na hionstraim tábhachtacha seo sínithe ag an Aire Stáit go fóill?

Sílim go bhfuil an Teachta thar a bheith diúltach. Tá dul chun cinn suntasach déanta. Nuair a tógadh isteach an reachtaíocht a luaigh an Teachta anuraidh, ba é an chéad Acht na Gaeltachta le breis agus 50 bliain. Tá na hionstraim reachtúla dáilithe ar na Ranna eile. Beidh cinneadh déanta gan mhoill - an mhí seo chugainn nó an mhí ina dhiaidh - ar conas a rachfaidh an tÚdarás agus an Roinn ar aghaidh leis na ceantair phleanála teanga. Agus é sin ráite, tá go leor teagmhála cheana féin. Tá go leor oibre ar siúl ar an talamh ag an Údarás, fiú amháin gan na hionstraimí glactha leo, chun dul i dteagmháil leis na heagrais, na chumainn agus na chomarchumainn sna ceantair Ghaeltachta. Tá go leor den réamhobair déanta. Tá an-chuid eolais sa Roinn. Is fear Gaeltachta mé féin. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-chomhoibriú idir mé féin agus oifigigh na Roinne. Is muidne atá ag tabhairt tiomantas do seo. Is muidne a thóg isteach an tAcht. Tá polasaithe an Rialtais agus polasaithe an Aire Stáit - go mbeadh an túdarás ann, go dtógfar Acht na Gaeltachta isteach agus go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - á chur i bhfeidhm ag an Roinn. Is muidne atá á dhéanamh.

An dtig liom ceist eile a chur?

Aidhm amháin sa straitéis ná go mbeidh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge, suas go 250,000. Cad iad na pleananna atá ag an Aire Stáit chun é sin a bhaint amach?

Sin an rud atá i gceist, sin mar a bheidh cúrsaí nuair a bheidh an 20 bliain thart. Tugaim aitheantas don obair atá ar siúl ag Foras na Gaeilge ag brú na teanga ar aghaidh taobh amuigh den Ghaeltacht. Nuair a bhím ag taisteal ar fud na tíre, tugann sé misneach, dóchas agus uchtach nuair a fheicim an meid atá ar siúl ag na pobail ar fud na tíre sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht ag cur na teanga chun cinn. Oíche Shathairn seo caite, bhí mé i gCluain Tarbh agus bhí 500 duine ó na Gaeltacthaí agus ón tír ar fad, agus iad ag ceiliúradh an obair atá á déanamh acu ag cur ar aghaidh labhairt na teanga ar fud na tíre.

Tá an tAire Stáit go maith ag labhairt faoi rudaí ginearálta ach nuair a chuirim ceist a bhaineann le sonraí, ní bhíonn sé sásta freagra a thabhairt. Cén fáth go bhfuil moill ann síniú a chur ar na hionstraimí reachtúla? Cad iad na hionstraimí reachtúla atá fágtha le síniú? Cad iad na critéir do bhailte Gaeltachta agus líonraí Gaeilge agus cad é an slat tomhais a bheidh ann le dul chun cinn? Impím ar an Aire Stáit greim a bhreith ar an Roinn.

Is féidir liom cur in iúl don Teachta ach ní thabharfaidh sé am dom chun freagra a thabhairt. Is féidir liom na critéir atá anseo agam a chur in iúl don Teachta. Síneofar iad taobh istigh d'achar an-ghearr ar fad. Tá siad go léir anseo agus cuirfimid in iúl don Teachta iad. Níl an t-am agam iad a léamh amach ach tabharfaidh mé dó iad. Tá na critéir ansin, agus tá an obair déanta, tá siad réidh le síniú agus síneofar iad gan mhoill. Rachaimid ar aghaidh ansin. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuilimid ag dul ar aghaidh.

Maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, d'fhéadfainn Tráth na gCeist a chaitheamh ar gach ceann acu - oideachas, an Ghaeltacht, meáin agus teicneolaíocht, foclóirí agus an saol eacnamaíoch, an dul chun cinn atá déanta i ngach ceann acu siúd le bliain nó dhó anuas - dá mbeadh am agam. Beidh deis agam é an dhéanamh am éigin.

Top
Share