Skip to main content
Normal View

Deontais Caipitil Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 May 2013

Tuesday, 7 May 2013

Questions (240)

Charlie McConalogue

Question:

240. D'fhiafraigh Deputy Charlie McConalogue den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar gheall ar an chúnamh caipitil a chuireann an Rannóg Áiseanna Pobail agus Teanga ina Roinn ar fáil, cad é luach na ndeontas a ceadaíodh in 2011, agus é miondealaithe contae ar chontae; agus cad é luach na ndeontas a ceadaíodh in 2012, agus é miondealaithe contae ar chontae. [21084/13]

View answer

Written answers

Seo a leanas sonraí na ndeontas caipitil a cheadaigh mo Roinn in 2011 agus in 2012 i leith áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire sa Ghaeltacht:

Contae

2011

2012

Dún na nGall

€132,400.00

€123,637.00

Maigh Eo

€0.00

€41,753.00

Gaillimh

€85,501.00

€981,992.30

Ciarraí

€0.00

€91,757.00

Corcaigh

€0.00

€147,244.00

Port Láirge

€0.00

€10,169.00

An Mhí

€0.00

€0.00

Iomlán

€217,901.00

€1,396,552.30

Top
Share