Tá breis is 745,000 custaiméir i dteideal saorthaistil i láthair na huaire agus nuair a chuirtear pasanna do chéilí agus do chompánaigh san áireamh cáilíonn breis is 1.1. milliún custaiméir do shaortaisteal. Sin 20% den daonra, nó geall leis. Shocraigh an Rialtas roimhe seo go gcoimeádfaí an caiteachas ar an scéim seo ar leibhéil na bliana 2010, agus tá €77 milliún curtha i leataobh le caitheamh ar an scéim saorthaistil sa bhliain 2013.
Is é cuspóir na scéime saorthaistil úsáid a bhaint as acmhainn bhreise ar sheirbhísí iompair atá inmharthana ó thaobh tráchtála de. An t-oibreoir deireanach ar Oileáin Árann a bhí páirteach sa scéim saorthaistil, tuigim gur scoir sé de sheirbhís a chur ar fáil i Meitheamh 2008 agus gur fhág sé an scéim leis sin. Ní bhfuarthas aon iarratas eile ó shin.
Tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a cháilíonn don scéim saorthaistil agus ar an mbrú ar chistiú, leis, mar sin iarradh ar mo Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim, in éineacht leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táthar ag súil le toradh an athbhreithnithe sin a fháil i lár na bliana 2013. Scrúdófar oibriú na scéime saorthaistil i láthair na huaire agus an tslí a bhféadfaí an scéim a fhorbairt feasta, lena n-áirítear maoiniú na scéime, agus tuairisceofar dá réir.