Skip to main content
Normal View

Cistí Spreagtha Fáis

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 May 2013

Thursday, 23 May 2013

Questions (110)

Éamon Ó Cuív

Question:

110. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na tograí Gaeltachta agus Oileánda atá molta ag a Roinn don Aire Caiteachais Phoiblí maidir leis na Cistí Spreagtha Fáis atá á scrúdú ag an Aire sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24891/13]

View answer

Written answers

Tá mo Roinnse, ina dteannta siúd as earnálacha eile, ag breathnú ar thograí i gcomhair a mbreithnithe i láthair na huaire i gcomhairle leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Níl aon chinneadh críochnaitheach tógtha go fóill.

Top
Share