Táthar tar éis Aonad a bhunú sa scoil dá dtagraíonn an Teachta ó 2006 i leith chun oideachas trí Ghaeilge a sholáthar sa tsraith shóisearach. I gcás na scoile i gceist, sholáthraigh mo Roinnse acmhainní mar fhreagairt ar éileamh léirithe agus coinneoidh sí i gcónaí ar an scéal a athbhreithniú chun a fháil amach an leor an leibhéal éilimh chun na hacmhainní a soláthraíodh a bharántú.
Maidir le soláthar oideachais trí Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí sa scoil seo, coinneoidh mo Roinn i gcónaí ar an gcás a athbhreithniú. Táscaire soiléir é gur leor an iontráil fhéideartha in Aonad ag leibhéal na sraithe sinsearaí, chun leithdháileadh na n-acmhainní riachtanacha ar Aonad dá leithéid a bharántú, má bhíonn patrún léirithe, comhsheasmhach ann de leibhéal réasúnta éilimh sa tsraith shóisearach. Bíodh is go bhfuil Aonad sa scoil seo don tsraith shóisearach ó 2006 i leith, is líon an-bheag mac léinn atá ag freastal ar an Aonad sa sraith shóisearach. Sa chomhthéacs seo, níl líon réasúnta mac léinn ag glacadh páirte san Aonad faoi láthair agus dá bhrí sin níor rogha inmharthana é an tAonad a leathnú go dtí an tsraith shinsearach.