Skip to main content
Normal View

Wednesday, 26 Jun 2013

Written Answers Nos. 158-161

Seirbhísí Dlí

Questions (158)

Éamon Ó Cuív

Question:

158. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na socruithe atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le seirbhísí dlí inmheánacha; an bhfuil i gceist an obair seo a ligean amach ar tairiscint nó aturnae nua a fhostú in Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30855/13]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear tar éis tairiscintí a lorg go poiblí le seirbhísí dlí a sholáthar don eagraíocht. Tuigim chomh maith go bhfuil na tairiscintí sin á meas ag an Údarás faoi láthair agus go mbeidh cinneadh déanta ina leith réasúnta luath.

Foireann na Roinne

Questions (159)

Éamon Ó Cuív

Question:

159. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon foirne atá ag obair i rannóga na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán sa Roinn; cén líon a bhí ag obair ann an 31/3/2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30856/13]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta Dála, bunaíodh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 2ú Meitheamh 2011. Ba é 65 an líon iomlán foirne a bhí ag obair i rannóga na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileáin sa Roinn ar an dáta sin. Is é 46 an líon foirne faoi láthair.

Údarás na Gaeltachta

Questions (160)

Éamon Ó Cuív

Question:

160. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon daoine atá ag obair in Údarás na Gaeltachta anois; cén líon a bhí ann an 31/3/2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30857/13]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil 83 duine ag obair san eagraíocht faoi láthair agus go raibh 102 duine ag obair san Údarás ar an 31 Márta 2010.

National Museum

Questions (161)

John Deasy

Question:

161. Deputy John Deasy asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht the number of donations made to the National Museum of Ireland in the past ten years. [31164/13]

View answer

Written answers

The National Museum of Ireland became a fully autonomous non-commercial semi-State body on 3 May 2005 under the provisions of the National Cultural Institutions Act 1997. As Minister, I have no statutory responsibility in relation to day-to-day operational matters including donations. I have therefore referred the Deputy's question to the Director of the National Museum of Ireland for direct reply.

Top
Share