Foráiltear le halt 11 d’Acht na Gaeltachta 2012 gur féidir, le hordú, ceantair atá lasmuigh de na limistéir Ghaeltachta a ainmniú mar Líonraí Gaeilge. Is ceantair iad seo a bhfuil cnap bunúsach criticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge. Chun aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach, ní mór d’eagraíocht atá ionadaíoch don phobal lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Foráiltear le halt 12 den Acht go leagfar amach, le rialacháin, na critéir pleanála teanga a úsáidfear chun pleananna teanga i leith Líonraí Gaeilge a fhaomhadh. Ní miste a rá gur ghlac ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge ar leith agus Foras na Gaeilge páirt i ngrúpa fócais, maidir leis na critéir pleanála teanga do na Líonraí Gaeilge, a d'eagraigh mo Roinn in 2012. Tá bailchríoch á chur ag oifigigh mo Roinne ar na rialacháin seo agus táthar ag súil iad a dhéanamh go luath.
Ina theannta sin, tá mo Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna Líonraí Gaeilge, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Táthar ag súil go mbeidh na treoirlínte sin foilsithe san fhómhar.
Ach na céimeanna sin a bheith tógtha, táim ag súil go mbeidh Foras na Gaeilge réidh chun cúnamh i ndáil leis an bpróiseas pleanála teanga a thabhairt d'eagraíochtaí ar leith atá suite i gceantair a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Líonraí Gaeilge faoin Acht.