Pádraig MacLochlainn
Question:54. D'fhiafraigh Deputy Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Roinn Cumarsáide maidir lena chinntiú gur i nGaeilge amháin a bheidh an t-ainm ar an gcomhlacht nua atá molta ag an Rialtas a bhunú trí chónascadh a dhéanamh idir Coillte agus Bord na Móna faoin ainm 'Bioenergy Ireland'; an aontaíonn sé go mbeadh sé go dona dá ndéanfaí ainm i mBéarla a thabhairt ar dhá chomhlacht a bhfuil ainmneacha aitheanta Gaeilge atá éasca le tuiscint orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38496/13]
View answer