Bunaíodh an próiseas aitheantais do bhunscoileanna ar anailís a rinne an tIonad Taighde Oideachais (ERC) ar thorthaí suirbhé ar bhunscoileanna. Aithníodh san anailís na hathróga socheacnamaíocha is fearr, i dteannta a chéile, mar fháistineoirí ar ghnóthachtáil, agus baineadh úsáid as na hathróga sin chun bunscoileanna a aithint le bheith páirteach i gclár DEIS. I gcás iar-bhunscoileanna, chuir mo Roinn sonraí éagsúla oideachais agus socheacnamaíocha ar fáil don ERC ó bhunachar sonraí na ndaltaí iar-bhunscoileanna agus ó bhunachar sonraí Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Níor roghnaíodh Pobalscoil Ghaoth Dobhair le bheith páirteach i gclár DEIS toisc nár chomhlíon sí na critéir.
Ina theannta sin, in achomharc a rinne an scoil chuig foras neamhspleách athbhreithnithe sa bhliain 2006, deimhníodh nár leor leibhéal míbhuntáiste na scoile chun cáiliú don chlár. Tá sé mar phríomh-thosaíocht ag an Roinn Oideachais agus Scileanna acmhainí a chur in ord tosaíochta agus a dhíriú i scoileanna ina bhfuil na leibhéil mhíbhuntáiste oideachais is dlúithe. Dúshlán suntasach atá ann, mar thoradh ar an dtimpeallacht eacnamúil atá ann faoi láthair agus an aidhm chun caiteachas poiblí a laghdú. Cuireann sé seo srian freisin ar an gcumas le breisiú ar bith sa chlár DEIS, roghnú scoileanna breise san áireamh.