Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Questions (181)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

181. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé cinnte de go bhfuil chuile Roinn agus comhlacht Stáit ag cloí le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir lena dteideal a bheith scríofa i nGaeilge os cionn an leagain Bhéarla agus ar cóimhéid leis ar aon chomhartha agus ar aon bhileog pháipéir agus mura bhfuil, cé na bearta atá sé ag glacadh chun iallach a chur orthu a ndualgas faoin dlí a chomhlíonadh. [43540/13]

View answer

Written answers

Is gnó é do chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chinntiú go gcomhlíontar na dualgais atá orthu faoin Acht agus faoi na Rialacháin a dhéantar faoin Acht. Faoi alt 21 den Acht, is ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá an cúram maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí.

Top
Share