I propose to take Questions Nos. 183 to 185, inclusive, and 188 together.
Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn ag lorg tairiscintí ó chomhlachtaí chun tabhairt faoi athbhreithniú ar an tseirbhís aeir a chuirtear ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí faoi Rialacháin 1008/2008 den Aontas Eorpach. Tá an t-athbhreithniú sin á dhéanamh anois mar go bhfuil gá lena leithéid faoi na Rialacháin ós rud é go raibh deireadh tagtha le tréimhse an chonartha 4 bliana a bhí i bhfeidhm don tseirbhís aeir.
Bhí pobal Oileáin Árann curtha ar an eolas roimh ré faoin athbhreithniú seo a bhfuil na téarmaí tagartha ag teacht leis na Rialacháin. Glactar leis go mbeidh ar na comhairleoirí a cheapfar cur chuige cuí a aimsiú chun tabhairt faoi athbhreithniú neamhspleách ar an tseirbhís aeir, lena n-áirítear dul i ndáil chomhairle leis na páirtithe leasmhara.
Maidir le cruinnithe ó Mhárta 2011 den choiste monatóireachta ar na seirbhísí iompair d’Oileáin Árann, is féidir liom a chur in iúl don Teachta gur tionóladh cruinnithe ar na dátaí seo a leanas: 19 Bealtaine 2011, 3 Feabhra 2012, 7 Meán Fómhair 2012 agus 25 Eanáir 2013. Níl dáta socraithe don chéad chruinniú eile den choiste monatóireachta.