Is togra taispeána é togra AranLIFE a chuirfear i bhfeidhm ar na trí Oileán Árann thar thréimhse 4 bliana ó 2014-2017. Níl sé i gceist ag mo Roinn plean iomlán bainsistíochta a chur i bhfeidhm ar na hoileáin ach, ag baint úsáide as maoiniú LIFE+, déanfar iarracht dea-chleachtais bainistíochta caomhantais na bhfeirmeoirí áitiúla sna limistéir atá ainmnithe faoi líonra Natura 2000 ar na trí oileáin a fhorbairt agus a léiriú. Bainfear leas as eolas agus taithí áitiúil feirmeoireachta, mar aon le saineolas na gcomhpháirtithe eile sa togra, chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le feirmeoireacht oileánda agus chun stádas caomhantais na limistéar ainmnithe a fheabhsú.
Meastar go bhféadfadh thart ar 70 feirm (suas le 1,011 heicteár de thalamh Natura ) ar fud na dtrí oileán a bheith bainteach go díreach leis an togra. Is é €2,597,685 an buiséad measta iomlán do thogra AranLIFE. Tiocfaidh 75% de mhaoiniú an togra ó chlár maoinithe LIFE+ an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh an 25% eile den mhaoiniú ó na comhpháirtithe eile, i.e., An Roinn Talamhaíochta, Foraoiseachta agus Mara, Fáilte Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus An Chomhairle Oidhreachta, chomh maith le tacaíocht ó mo Roinn féin. Beidh Teagasc agus An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, rannpháirteach chomh maith.
Nuair a bheidh foireann an togra ceaptha go luath i 2014, tabharfar cuireadh d'fheirmeoirí na dtrí oileán spéis a léiriú i bpáirt a ghlacadh go deonach sa togra. Eagrófar cruinnithe poiblí chun an togra a phoibliú agus a mhíniú. Gheobhaidh feirmeoirí a bheidh páirteach sa togra íocaíocht as oibreacha comhaontaithe a chur i gcrích mar chuid den togra. Beidh méid na híocaíochta ag brath ar phlean bainistíochta a bheith aontaithe i gcás gach feirm.