Tá sé mar pholasaí ag mo Roinn tacú le seirbhísí iompair sábháilte agus rialta do na hoileáin a bhfuil daonra buan orthu, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta. Tacaíonn na seirbhísí iompair seo - idir seirbhísí farantóireachta, aeir agus lastais - le forbairt inbhuanaithe na n-oileán. Maoiníonn mo Roinnse seirbhísí iompair a fhreastalaíonn ar 19 oileán, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta, faoi 24 chomhaontú éagsúil. Chomh maith leis sin, bíonn cúnamh áirithe ar fáil ó mo Roinnse, trí na húdaráis áitiúla ábhartha, d'oibreacha chun uasghrádú a dhéanamh ar infreastruchtúr rochtana ar na hoileáin féin nó ar infreastruchtúr ar an mhórthír a fhreastalaíonn ar na hoileáin.
Ní miste a rá go bhfuil mé an-sásta go mbeidh an t-allúntas céanna de €5.9m ar fáil do mo Roinnse in 2014 do na seirbhísí iompair do na hoileáin. Tógadh an cinneadh seo chun a chinntiú go mbeidh na seirbhísí túslíne a chuirtear ar fáil do na hoileáin amach ón chósta ag an leibhéal céanna is atá i mbliana. Maidir leis an allúntas caipitil a bheidh le caitheamh ag mo Roinnse in 2014, beidh suim €644,000 le caitheamh ar chothabháil infreastruchtúir ar na hoileáin. Ní miste a rá gur figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo.