Skip to main content
Normal View

Cabinet Committee Meetings

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 November 2013

Tuesday, 19 November 2013

Questions (4, 5, 6)

Micheál Martin

Question:

4. Deputy Micheál Martin asked the Taoiseach when the Cabinet committee on Irish and the Gaeltacht last met. [39245/13]

View answer

Gerry Adams

Question:

5. Deputy Gerry Adams asked the Taoiseach the number of times the Cabinet committee on Irish and the Gaeltacht has met since the beginning of the year. [40731/13]

View answer

Joe Higgins

Question:

6. Deputy Joe Higgins asked the Taoiseach the number of times the Cabinet committee on Irish and Gaeltacht has met since the summer recess. [45921/13]

View answer

Oral answers (21 contributions)

I propose to take Questions Nos. 4 to 6, inclusive, together.

Bhí dhá chruinniú ag an gCoiste Comh-Aireachta ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht go dtí seo i mbliana, an ceann is deireanaí ar 22 Iúil seo caite.

Is léir nach raibh ach dhá chruinniú ag an gcoiste ar an nGaeilge agus na Gaeltachtaí le linn na bliana. Is oth liom a rá go bhfuil sé le feiceáil i bpolasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachtaí nach bhfuil an coiste ag teacht le chéile go minic. Tá díomá ar mhuintir na Gaeltachta go bhfuil easpa béime á leagan ag an Rialtas ar pholasaithe i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachtaí. Is dócha go léiríonn an t-eolas a thug an Taoiseach dúinn inniu go bhfuil an ceart ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge go ginearálta nuair a bhíonn siad ag gearán faoi pholasaithe an Rialtais. Is léir freisin nach bhfuil mórán ag tarlú i dtaobh na straitéise 20 bliain, a chuir na hiar-Airí, Pat Carey agus an Teachta Ó Cuív, le chéile. Bhí gach éinne sásta leis an straitéis sin, ach níl mórán dul chun cinn le feisceál agus níos mó ná dhá bhliain imithe ón toghchán deireanach. Iarraim ar an gcoiste seo teacht le chéile i bhfad níos minicí sna míonna atá le teacht agus sa bhliain atá romhainn.

Ba cheart níos mó béime a chur ar an nGaeilge sa chóras oideachais. Is léir sa tuarascáil nua a fuaireamar maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh sa chomhthéacs sin. Tá an-chuid le déanamh ag an gcoiste faoin cheist sin. Bhí díomá ar beagnach gach éinne, ach amháin an Rialtas, gur cuireadh an toghchán le haghaidh bord Údarás na Gaeltachta ar ceal. Beidh an tionchar agus an chumhacht go léir maidir le baill Údarás na Gaeltachta ag an Rialtas as seo amach. Is olc an scéal é sin. Is oth liom a rá go léiríonn an t-eolas atá faighte againn - gur tháinig an coiste le chéile faoi dhó i rith na bliana - an meas atá ag an Rialtas ar an nGaeilge agus ar na Gaeltachtaí.

Níor bhuail an coiste le chéile ach dhá uair i mbliana, ach ní hé sin le rá nach raibh obair ar siúl ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go mórmhór ag an Aire Stáit, an Teachta Mac Fhionnlaoich. Tá an tAire Stáit tar éis cuairt a thabhairt ar chuile Gaeltacht - Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Ráth Chairn i gContae na Mí agus sa Tuaisceart - ar a laghad cúpla uair. Bhí sé sa Tuaisceart freisin. Bhí sé i gceist aige an réamhobair a chur ar bun ó thaobh straitéis na Gaeilge a chur i gcrích. Bhí an-chuid díospóireachtaí aige le comhlachtaí Gaeilge agus Gaeltachta i leith na straitéise. Nuair a tháinig sé chugam roimh an mbuiséad, bhí sé ag iarraidh suas le €500,000 i dtreo is go mbeadh plean réitithe agus aontaithe i leith tosú na straitéise. Tugadh €500,000 dó sa bhuiséad. Tá sé i dteagmháil le chuile Gaeltacht ag an bpointe seo chun an obair sin a chur i gcrích. Aontaím leis an Teachta ó thaobh an méid cruinnithe a bhí ann. Ní léiríonn sé sin go bhfuil easpa suime ann ó thaobh na straitéise sin a chur i gcrích. Bhí mé i gcuid de na Gaeltachtaí agus chas mé leis na comhlachtaí ansin. Tá siad sásta leis an obair atá déanta ó thaobh na straitéise a chur ar bun agus a chur i gcrích. I gcomhthéacs an phlean a thug an tAire Stáit dom roimh an mbuiséad, tá €500,000 curtha ar fáil don bhliain 2014 chun tosú láidir a dhéanamh agus é sin á chur i gcrích. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin as seo amach.

Níl mé sásta leis an bhfreagra sin. Ní bhuaileann an coiste Comh-Aireachta go rialta mar nach bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoin Ghaeilge. Is í sin an fhírinne. Go háirithe, níl an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm ar chor ar bith. Chuir an Rialtas stad le toghchán Údarás na Gaeltachta. Bhí sé i gceist sa straitéis go mbeadh daltaí ag freastal ar ranganna taobh amuigh den rang Gaeilge, ach níl aon rud ar bith déanta faoi sin. Bhí sé mar rún sa straitéis Irish language resource centre a bhunú i mBaile Bhúirne, ach níl sé sin déanta. Tá an Coimisinéir Teanga ag tabhairt amach faoin tslí nach bhfuil an Rialtas ag leanadh ar aghaidh leis an Official Languages Act. Nuair a dhéanann daoine iarracht seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, caithfidh siad go leor fadhbanna a láimhseáil. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta faoi bhagairt. Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gan aon airgead. Beidh sé imithe um Nollaig. Sílim go bhfuil an tAire Stáit, an Teachta McGinley, ag glacadh airgid as Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Tá sé an-deacair eolas a fháil ón Roinn faoi sin. Tá mé ag lorg eolais faoi seo ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart fosta. Níl an tAire ó Thuaidh sásta ós rud é nach bhfuil sí ar an eolas faoin rún sin. Má ghlacann an tAire Stáit maoiniú ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta - b'fhéidir nach ndéanfaidh sé é sin - caithfidh sé dul tríd an North-South Ministerial Council. Tá rudaí ar barr rudaí ar barr rudaí. Níl dul chun cinn á dhéanamh ag an Rialtas ar chor ar bith. Ní bhím i nGaeltacht Thír Chonaill rómhinic - cúpla uair in aghaidh na bliana - ach tá a fhios agam nach bhfuil daoine ansin sásta ar chor ar bith leis an tslí ina bhfuil an Rialtas ag dul ar aghaidh.

Nuair a bhí mé i nGaeltacht Ghleann Cholm Cille le déanaí, chas mé le go leor daoine atá ag breathnú amach go géar ó thaobh láimhséail na straitéise a chur i gcrích. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, tá an plean a leag an tAire Stáit amach réidh agus aontaithe. Tá an-chuid oibre déanta ina thaobh. Dúirt an tAire Stáit go raibh €500,000 ag teastáil agus cuireadh an tsuim sin ar fáil sa bhuiséad. Tá sé ag dul ar aghaidh le comhlachtaí Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta chun é sin a chur i gcrích. Ní aontaím go bhfuil an méid a dúirt an Teachta faoi mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall fíor. Casaim leo go minic. Bhí scéal eile le rá acu le déanaí. Ba mhaith le chuile dhuine i ngach áit ar fud na tíre go mbeadh fostaíocht ar fáil, infheistíocht á dhéanamh agus jabanna ar fáil do dhaoine óga. Is í sin an phríomhaidhm atá ag an Rialtas agus cúrsaí caiteachais phoiblí á láimhseáil againn. Táimid ag iarraidh post a chruthú agus jabanna a chur ar fáil.

Tá na daoine óga san Astráil.

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil athrú tagtha ó thaobh an údaráis de. Tá bord nua le bunú. Beidh sé dírithe ar chúrsaí Gaeltachta. Tá pleananna leagtha amach ag chuile Ghaeltacht ó thaobh forbairt agus stádas na Gaeltachtaí éagsúla. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil neart áiteanna a dtugtar Gaeltachtaí orthu, ach nach bhfuil focal Gaeilge labhartha iontu le fada. Caithfimid an fhírinne a dhearbhú sa chomhthéacs seo. Is é sin an fáth go bhfuil brú ar na grúpaí Gaeltachta plean a nochadh agus a chur i gcrích ó thaobh stádas na ceantair Ghaeltachta. Tá an tAire Stáit iontach láidir faoi seo. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil níos mó in ann an Ghaeilge a labhairt anois ná mar a bhí le fada. Tá neart Gaeilge acu. Sílim go gcuireann sé isteach ar dhaoine go minic má tá brú orthu Gaeilge chruinn cheart a labhairt an t-am ar fad. Is cuma má dhéanann siad botúin, nó nach mbíonn a gcuid Gaeilge go cruinn ceart an t-am ar fad. Is rud iontach tábhachtach í ár dteanga dhúchais Ghaelach. Nuair a théim thar lear, bíonn difríocht i gceist ós rud é go bhfuil mé in ann teanga dhifriúil a labhairt. I rith na toghcháin deireanacha, ghlac mé féin, an Teachta Ó Máirtín, an Teachta Adams agus-----

-----an Tánaiste páirt i ndíospóireacht.

An cuimhin leat é?

Don chéad uair riamh, bhí ceathrar ceannaire in ann díospóireachta a dhéanamh go poiblí as Gaeilge ar an teilifís. Mar is eol don Teachta, ceapadh bean iontach láidir go dtí an Chúirt Uachtarach le déanaí. Tá sí in ann triail iomlán a láimhseáil as Gaeilge sa chúirt sin. Taispeánann sé sin go bhfuil meon an Rialtais fabhrach dár dteanga dhúchais. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach.

Bhí cruinniú idir Airí ón Tuaisceart agus Airí ón Rialtas anseo in Ard Mhacha le déanaí. Bhí an LeasChéad-Aire ann mar ionadaí ó pháirtí an Teachta Adams. Molaim go mór an obair atá déanta, mar is eol don Teachta, ó thaobh Gaeilge Uladh de. Tá súil agam go mbeidh gach éinne in ann aontú le chéile i leith na hoibre tábhachtach atá á dhéanamh sa chomhthéacs sin.

Táimid ag caint faoin nGaeilge i nGaeilge anois. Níl mo chuid Gaeilge rómhaith. Tá mé fós ag foghlaim. Tá mé ag déanamh mo dhíchill. Is í sin an fhadhb mhór atá ann. Táimid ag caint faoin nGaeilge i nGaeilge. Ní dhéanann muid ár gcuid gnó anseo sa Dáil trí mheán na Gaeilge ach amanna. Ba cheart don Taoiseach éisteacht leis an méid a dúirt Conradh na Gaeilge faoin bpolasaí agus faoin straitéis ag coiste Oireachtais le déanaí. Tá sé soiléir nach bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm ag an Rialtas. Is í sin an fhírinne. Aontaím leis an Taoiseach agus creidim é nuair a deir sé go bhfuil grá mór aige dár dteanga dhúchais. Nílimid ag caint faoi sin, áfach, táimid ag caint faoin straitéis agus faoin pholasaí. Níl go leor déanta ag an Rialtas seo nó na Rialtais roimhe seo i dtaobh na Gaeilge. Is í sin an fhírinne. Tá a fhios agam go bhfuil níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge. Bheadh i bhfad níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge dá mbeadh polasaí maith i gceist.

Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, bhí plean i leith na Gaeilge - an straitéis - le blianta anuas. Tá cruth curtha air anois. Dúirt an tAire Stáit liom go raibh €500,000 ag teastáil chun tosú láidir a dhéanamh agus é seo á chur i gcrích. Tugadh an t-airgead don Aire Stáit sa bhuiséad. Bhí an Teachta Adams i nDoire nuair a bhí an fleadh cheoil ar siúl ann. Ba iontach go deo an méid Gaeilge a bhí le cloisteáil ag an ócáid cheoil sin. Tarlóidh an rud céanna an bhliain seo chugainn i Sligeach, áit nach fíor-Ghaeltacht í.

Tá a fhios ag an Teachta cad a tharla nuair a cuireadh na Gaeltachtaí agus na breac-Gaeltachtaí ar bun sna 1950í. Bhí scéalta ag dul thart ag éirí as sin. Mar shampla, bhí fear pósta ag iarraidh an deontais a fháil. Ní raibh an bhean a bhí in éineacht leis an lá a tháinig an cigire pósta leis ar chor ar bith, ach bhí sí in ann an Ghaeilge a labhairt le haghaidh an triail Ghaeilge a bhí le déanamh. Bhí an bheirt acu ag iarraidh an deontais as ucht labhairt na Gaeilge a fháil. B'fhéidir gur phós an fear thall i Sasana agus ní raibh a bhean chéile in ann an Ghaeilge a labhairt ar chor ar bith. Cheap an cigire go raibh siad in ann an teanga a labhairt nuair a rinne sé an triail Ghaeilge. Tá deireadh leis sin, obviously.

Tá pleananna á gcur i gcrích ag muintir na Gaeltachta ó thaobh an stádas Gaeltachta atá acu. Sílim go bhfuil sé tábhachtach dóibh an stádas sin a choimeád. Ba mhaith liom go mbeadh an tír ar fad mar Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh daoine i gContae Loch Garman, i gContae Ros Comáin agus i gContae Lú, srl., in ann iarracht a dhéanamh triail bheag a bhaint as an teanga nuair is cóir.

Tá géarchéim sna Gaeltachtaí maidir le labhairt na Gaeilge agus an-chuid gnéithe beatha eile. Dúirt an Taoiseach linn gur tháinig an fochoiste maidir leis an nGaeltacht le chéile nach mór leathbhliain ó shin. Nach bhfuil sé soiléir nach bhfuil dáiríreacht ar bith sa Rialtas seo maidir le fadhbanna teanga agus fadhbanna Gaeltachta? Sa bhliain 2007, déanadh scrúdú cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ba cheart don Taoiseach an scrúdú sin a léamh. Cé gur cuireadh an tuarascáil le chéile sé bliana ó shin, tá pointí cumhachtacha fós le léamh inti. Léiríonn an scrúdú go méadaíonn fadhbanna teangeolaíochta sa Ghaeltacht nuair nach gcoimeádtar céatadán ard de chainteoirí Ghaeilge san áit. Más rud é go dtiteann an céatadán den phobal a labhraíonn an Ghaeilge sna Gaeltachtaí, beidh géarchéim i gceist - beidh níos mó brú ar an nGaeilge mar theanga phobail. Is é sin go díreach atá ag tarlú.

An aontaíonn an Taoiseach go bhfuil nasc díreach idir polasaithe eacnamaíochta an Rialtais agus na ceisteanna seo? An aontaíonn sé go bhfuil céatadán labhartha na Gaeilge ag titim ar an gcúis go bhfuil daoine óga agus daoine eile ag imeacht mar nach bhfuil poist ar fáil sa Ghaeltacht? Tá bánú na Gaeltachta ag tarlú de bharr polasaithe déine an Rialtais seo agus an Rialtais roimhe seo le cúig bliana anuas. An dtuigeann an Taoiseach go mbeidh géarchéim níos measa fós i gceist muna gcuirtear deireadh leis na polasaithe seo? Ba cheart polasaithe a chur i bhfeidhm a chuirfidh infheistíocht chun cinn sna Gaeltachtaí i dtreo is go mbeidh saol agus beatha le fáil ag muintir na Gaeltachta ina gceantair féin. An dtuigeann an Taoiseach gurb é sin, i ndáiríre, an freagra atá ar an bhfadhb seo? Deireann an tuairisc seo nach mbeidh an Ghaeilge á labhairt sna Gaeltachtaí taobh istigh de 20 bliain má leanann an Rialtas ar aghaidh le polasaithe áirithe - na billiúin a thabhairt do lucht na speiciléireachta agus na baincéirí, srl., thar lear - seachas an t-airgead sin a chur isteach in infheistíocht agus, go mórmhór, i bpoist sa tír seo chun daoine a choimeád sa bhaile.

Ní aontaím leis an Teachta go dtiocfaidh an toradh sin as. Sílim go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt ar fud na tíre go coitianta agus de ghnáth. Ba mhaith le chuile dhuine go mbeadh jabanna, poist agus infheistíocht le fáil sa Ghaeltacht i dtreo is go mbeadh daoine in ann maireachtáil agus slí bheatha a bhaint amach ansin. Tá sé deacair infheistíocht den tsórt sin a chur isteach i ngach áit. Nuair a dhéantar iarracht infheistíocht a chur chun cinn sa chóras séarachais, sa chóras soláthar cumhachta nó sa chóras leictreachais - mar shampla, i gcás na muilte gaoithe - is minic a thagann na cúrsaí seo os comhair na cúirte. Ní féidir an chumhacht a láimhseáil gan infreastruchtúr a chur ar bun chun é sin a dhéanamh. Bhí cuid de mo chlann féin thiar sa Ghaeltacht, ghlac siad páirt sa ghrúpa do dhaoine óga ar a dtugtar Spleodar. Ba é an rud is tábhachtaí a tháinig as sin ná go raibh na daoine óga seo ag labhairt na Gaeilge eatarthu féin nuair a tháinig siad abhaile. Anuas ar sin, téann siad go dtí cruinnithe de ghasúir agus daltaí óga ar a labhraítear an Ghaeilge agus múintear na focail dóibh. Tá sé sin ag ardú agus ag neartú.

Tá an scéim maidir le scoileanna lán-Gaelacha neartaithe ar fud na tíre freisin agus tá brú ann faoi láthair go gcuirfí meánscoileanna lán-Gaelacha ar bun. Is iontach láidir an tsuim atá ag tuismitheoirí agus daltaí sa scéim seo.

Maidir leis na córais chumarsáide nua atá ann, tá aipeanna as Gaeilge agus cúrsaí cumarsáide as Gaeilge ar fáil. Tá córas ina bhfuil daoine in ann caint le chéile, ach ní hamháin sin, tá siad in ann an duine eile a fheiceáil agus iad ag caint. Tá na teachtaireachtaí ar na meáin chumarsáide nua seo ar fad as Gaeilge chomh maith. Ní aontaím leis an Teachta go bhfuil deireadh ár dteanga dhúchais ag teacht. Má tá an brú ann ó thaobh straitéis na Gaeilge a chur i bhfeidhm, beidh sin á láidriú agus á neartú as seo amach. Mar Ghaeilgeoir fíor chruinn é féin, tá dualgais cinnireachta á láímhseáil ag an Teachta féin agus is maith liom é a chloisteáil ag labhairt Gaeilge na Mumhan chomh breá agus chomh láidir agus a labhraíonn sé í.

Maidir leis an straitéis, mar a dúirt mé leis an Teachta Martin, tá seo á chur i bhfeidhm faoi láthair, agus an chéad bhliain eile, nuair a bheidh tuilleadh airgid le fáil, tabharfar é sin don Aire Stáit chun obair a dhéanamh le muintir na Gaeltachta, muintir cumarsáide agus muintir lasmuigh den Ghaeltacht. I dtaobh na bpleananna atá curtha i gcrích chun stádas Gaeltachta a chruthú nó, muna bhfuil siad sách láidir, chun iad a laghdú, beidh an córas sin á phlé. Mar Theachta agus mar Thaoiseach, ba mhaith liom go mbainfeadh an méid daoine is mó gur féidir triail a bhaint as cúrsaí Gaeilge labhartha a chur ar bun.

Luaigh an Teachta an tuarascáil agus an chaoi in ar féidir an córas nua cumarsáide a láimhseáil, ó thaobh múineadh na Gaeilge, na fuaimeanna agus an Ghaeilge a labhairt, cuireann sé sin ina luí ormsa go bhfuil ré nua amach romhainn ó thaobh labhairt ár dteanga féin de. Nuair a bhí mé mar chuid den Fhreasúra, labhair mé go minic faoin bhrú agus an dualgas a bhí ar dhaltaí Gaeilge a labhairt agus faoin chonspóid a chothaigh sin agus an Ghaeilge á bhrú orthu. Tá ré nua tagtha anois agus má ghlacann muid leis an obair atá á chur i gcrích, beidh an teanga neartaithe agus níos láidre ar fad.

Is maith liom go bhfuil an Teachta Martin, an Teachta Adams, an Tánaiste, an Teachta Higgins, an Teachta Ó Fearghaíl agus gnáth daoine eile ar fud Thithe an Oireachtais in ann Gaeilge a labhairt agus triail a bhaint aisti.

Táimid uilig go maith, ach táimid ag caint anseo faoi pholasaí agus faoin straitéis. Níl an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an straitéis. Sin an fhírinne. Creidim an Taoiseach nuair a deireann sé go bhfuil grá mór aige dár dteanga dhúchais, ach níl an cheist chomh simplí sin. Bhí Conradh na Gaeilge istigh le coiste an Oireachtais agus bhí sé go han-soiléir nach bhfuil an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an straitéis. Thug mé sampla don Taoiseach - an lárionad i mBaile Bhúirne. It is not there and there is no movement on that. Sampla eile, an dualgas go mbeadh daoine ábalta ranganna a fháil trí Ghaeilge. Níl sin déanta.

Maidir leis na toghcháin don údarás, dúirt an Taoiseach go raibh sé i dTír Chonaill, ach tá daoine ansin an-fheargach mar nach bhfuil aon toghchán ann údarás. Níl aon democratic input ó mhuintir na Gaeltachta.

Níl mórán dul chun cinn le feiceáil in aon chor i dtaobh an straitéis 20 bliain, go háirithe i gcomhthéacs cúrsaí fostaíochta nó cúrsaí oideachais, go háirithe múineadh trí Ghaeilge. Bhí moladh sa straitéis maidir le lárionad oideachais do mhúinteoirí atá ag múineadh gach ábhár trí Ghaeilge, go háirithe múinteoirí i nGaelscoileanna agus sna Gaeltachtaí. Chuir mise moladh mar sin ar aghaidh nuair a bhí mé mar Aire Oideachais. An moladh a bhí ann ag an am ná moladh an t-ionad a lonnú i mBaile Bhúirne, in iar-choláiste Íosagáin, ach bhí deacrachtaí maidir leis an suíomh agus mar sin de.

Ba mhaith an rud é dá mbeadh an tAire Stáit nó an Rialtas sásta dul ar aghaidh le togra mar sin, ionad oideachais a bhunú mar áis do mhúinteoirí, mar fós tá easpa téacsleabhar trí Ghaeilge in ábhar mar bhitheolaíocht, cheimic agus go leor eile. D'fhéadfadh ionad mar sin áiseanna eile a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge i gcoitinne sna Gaelscoileanna agus ag an dara leibhéal. Tá géarghá ionad den saghas sin a chur ar bun agus i bhfeidhm. Tá an moladh sin sa straiteis 20 bliain. Dá mbeadh an Taoiseach nó an Rialtas sásta béim faoi leith a chur ar an togra sin, bheadh dul chun cinn le feiceáil as sin amach.

Maidir le fostaíocht, tá muintir na Gaeilge agus ionadaithe poiblí sna Gaeltachtaí amhrasach faoin treo ina bhfuil an Rialtas ag dul. Tá amhras orthu go bhfuil an chumhacht a bhí ag an údarás maidir le cúrsaí eacnamaíochta laistigh de na Gaeltachtaí imithe. Tá amhras orthu go bhfuil an chumhacht sin meallta go dtí údaráis eile ar nós Fiontar Éireann nó an IDA. Os rud é nach bhfuil na toghcháin á reachtáil a thuilleadh agus nach féidir le muintir na Gaeltachta duine a thogh don údarás, is droch scéal é sin do na Gaeltachtaí. Ta easpa tionchair acu as seo amach ar chúrsaí fiontair agus fostaíochta de dheasca an chinnidh atá déanta ag an Rialtas i dtaobh an údarás. Bhí ról speisialta ag an údarás maidir le fostaíocht.

Maidir leis na mná tí, rinneadh iarracht na deontais dóibh siúd a ghearradh siar. Tá na mná tí lárnach ó thaobh na Gaeilge de sna Gaeltachtaí. N'fheadar cén fáth go bhfuil an Taoiseach ag gáire. Níl na mná tí sásta ach an oiread leis an méid atá déanta go dtí seo i dtaobh na n-áiseanna agus na tacaíochta a fhaigheann siad.

Tá a lán nithe ag cur imní orainn. Níl sé soiléir go bhfuil an fuinneamh sa Rialtas na rudaí seo a dhéanamh. Ní aontaíonn an Taoiseach liom, ach is léir sin ó nach raibh an fo-choiste sásta teacht le chéile ach dhá uair i rith na bliana seo. Tá sin dochreidte agus is olc an rud é. Is oth liom a rá go léiríonn sé an easpa measa atá ag an Rialtas faoi fhorbairt na Gaeltachtaí ag an babhta seo. Tá i bhfad níos mó le déanamh agus tá sé in am dúinn sin a dhéanamh.

Le 30 bliain anuas tá fás agus borradh ar ndóigh tar éis teacht ar scoileanna lán-Ghaeilge agus a leithéid agus is breá sin. Tá sin tábhachtach agus tá sé tábhachtach go dteastaíonn ó an-chuid daoine agus daoine óga a bheith in ann an Ghaeilge a thuiscint agus a labhairt. Is rud dearfach é sin amach is amach. An rud atá i mbaol anois ná go leanfaidh an Ghaeilge mar teanga labhartha agus mar theanga phobail sna Gaeltachtaí. Sin an dainséar atá os comhair na tíre seo anois.

Ag deireadh thiar thall, maraíonn an caipitleachas cultúr mionlaigh agus teanga mhionlaigh. Tá sin tar éis tarlú in an-chuid tíortha. Ní thuigeann an Taoiseach cé chomh práinneach agus chomh géarchúiseach agus atá an scéal seo muna dtuigeann sé go bhfuil na polasaithe déine atá á chur i bhfeidhm aige ag cur isteach go mór ar na Gaeltachtaí agus ar an Ghaeilge mar theanga labhartha mar tá daoine óga ag imeacht mórthimpeall na cruinne seachas bheith in ann fanacht sa bhaile - cur fúthu ansin agus clann a thógáil - rud a chinnteodh go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos láidre mar theanga labhartha.

Tá teachtaireachtaí láidre curtha amach ag na Teachtaí. Labhair an Teachta Adams faoi Chonradh na Gaeilge. Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil iarratas foirmeálta faighte ag Uachtarán na hÉireann dul trasna go dtí an Bhreatain ar chuairt Stáit go dtí Banríon na Breataine. Nuair a tháinig sí anseo cúpla bliain ó shin, bhí "a chairde" i measc na céad fhocail a dúirt sí nuair a labhair sí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ní bheidh mé ag scríobh ráiteas an Uachtaráin, ar ndóigh, ach tá súil agam go mbeidh sé in ann cuid dá ráiteas a dhéanamh i nGaeilge ar mhórthír na Breataine.

Tá mé ag caint faoin pholasaí.

Sílim go mbeidh áthas ar mhuintir na hÉireann anseo, agus orthu siúd a bheidh i láthair chun an tUachtarán a chloisteáil, má dhéanann sé é sin. Is é an polasaí atá againn, chun freagra a thabhairt don Teachta, ná an straitéis 20 bliain a chur i gcrích. Tá an straitéis aontaithe agus tá an plean réitithe. Nuair a tháinig an tAire Stáit chugam, dúirt sé go raibh €500,000 eile ag teastáil chun tosú láidir a dhéanamh ar an obair seo. Tugadh an t-airgead sin dó agus away leis anois ar fud na Gaeltachta chun é sin a chur i gcrích.

Labhair an Teachta Ó Máirtín faoin mholadh a cuireadh chun cinn ionas go mbeadh múinteoirí in ann an Ghaeilge a fhoghlaim in aon ionad múinteoireachta amháin. Roghnaíodh foirgneamh san iar-Choláiste Íosagáin, thíos i mBaile Bhúirne. Nuair a bhí mé thíos ansin ar lá iontach fliuch, taispeánadh dom an áit inar chuir an t-iar-Aire, Michael Woods, sluasaid airgid thíos sa talamh chun an bhunchloch a leagan. Ní dhearnadh tada faoi ó shin. Chun an fhírinne a rá, tá sé iontach éasca córas cumarsáide ó thaobh labhairt, feiceáil agus múinteoireacht na Gaeilge, nó teanga ar bith eile, a chur ar fáil ag an bpointe seo. Nuair a bhí mé thuas in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le déanaí, dúradh liom go bhfuil daoine ó chuile thír ag foghlaim na Gaeilge ní hamháin san ionad ach freisin ina dtíortha féin ar fud an domhain agus meáin nua á n-úsáid acu.

B'fhéidir go mbeimid in ann cúpla uair an chloig a chaitheamh ar díospóireacht anseo faoin straitéis, faoin Ghaeilge agus faoi na Gaeltachtaí roimh dheireadh na bliana. Ní thuigim go díreach an méid a bhí le rá ag an Teachta faoi na mná tí. Tá siad iontach tábhachtach ó thaobh múinteoireachta agus labhairt na Gaeilge de. Cuireann siad smacht ar dhaltaí trí iad a spreagadh chun coinneáil leo an Ghaeilge a labhairt nuair a bhíonn siad ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta. Is maith an rud é sin. Sílim go bhfuil siad tábhachtach. Bhí mé ag féachaint ar chlár teilifíse cúpla seachtain ó shin mar gheall ar mhuintir na foraoise móire sa Bhrasaíl, atá ag féachaint ar mheáin chumarsáide nua chun déileáil leis an domhan mór amach rompu. Bhí fiú mairnéalach na réalta, an Commander Hadfield, ag tvuíteáil as Gaeilge faoi chomh hálainn agus chomh glas atá an t-oileán seo mar chuid den phláinéad.

Written Answers follow Adjournment.
Top
Share