Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 November 2013

Tuesday, 26 November 2013

Questions (209)

Sandra McLellan

Question:

209. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Oideachais agus Scileanna ráiteas a dhéanamh maidir le todhchaí COGG; cad é éifeacht an chinnidh a rinne sé COGG a thabhairt faoi scáth CNCM; cad iad na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh sin i dtaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; an bhfuil an cinneadh seo fós le cur i bhfeidhm [44224/13]

View answer

Written answers

Tá mo chinneadh polasaí déanta agam COGG agus an CNCM a chomhshuí. Chuir mé an Chomh-aireacht ar an eolas faoi seo agus phléigh mé go hiomlán leo é i Samhain 2012. Táim cinnte gur fearr a n-éascófar le feidhmiú mholtaí na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030, de bharr iad a bheith comhshuite, agus, ina theannta sin, le feidhmiú Acht na Gaeltachta, 2012, agus leis an leasú curaclach atá ar siúl faoi láthair ar an mbunoideachas agus ar an iar-bhunoideachas. Beidh tuilleadh deiseanna ann chun sinéirge a chur ar siúl idir obair na CNCM de réir mar a fhorbraíonn sé curaclaim agus obair COGG de réir mar a ghineann sé acmhainní. Tá a Bord, a buiséad agus a lucht foirne féin ag COGG.

Top
Share