Maureen O'Sullivan
Question:311. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an ndeachaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i gcomhairle le hÚdarás Craolacháin na hÉireann i dtaca le leasú éigeandála a thairiscint i dtaca leis an Acht Craolacháin 2009 chun nach féidir le UTV (nó le hiarrthóirí eile ar cheadúnas craolacháin) buntáiste a bhreith ar an Acht Craolacháin 2009, ar reachtaíocht é atá easnamhach, trí cheadúnas a fháil a fhágann nach bhfuil dualgas orthu i leith chultúr agus theanga na hÉireann, ná i leith táille a d’fhéadfaí a ghearradh orthu faoi mar a ghearrtar ar RTÉ, TG4 nó TV3 faoi láthair, faoi mar a luaigh Bob Collins, Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, agus é ag labhairt leis an gComhchoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, Dé Céadaoin, an 13 Samhain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52812/13]
View answer